Fóta-iolróir

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is feiste leictreonach chun solas a bhrath é fóta-iolróir.[1] Mar thoradh ar ionsaí an tsolais a thagann isteach ar dhromchla, astaítear leictreoin tríd an iarmhairt fhótaileictreach. Luasghéaraíonn agus iolraíonn sraith leictreoidí na leictreoin seo, ionas go mbíonn sruth intomhaiste ag an anóid dheireanach nuair a ionsaíonn a laghad is fótón amháin an chéad dromchla braite.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. “fóta-iolróir” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-01-03.
  2. Hussey, Matt (2011). "Fóta-iolróir". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 285.