Fíochán feadánach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Na fíocháin, idir xiléim is fhléam, a iompraíonn uisce, mianraí is súlach trí phlanda, agus a chuireann leis an tacaíocht inmheánach ann. Cumann siad tointí tanaí a dtugtar burlaí feadánacha orthu, an xiléim ar an taobh istigh, an fléam ar an taobh amuigh, agus ciseal caimbiam eatarthu a ligeann d'fhás tánaisteach na bhfíochán feadánach. Bíonn na burlaí seo scaipthe ar fud an ghais, nó eagraithe ina bhfáinne i gcrann. I gcrann is tom, cruinníonn na burlaí le chéile i ndeireadh báire chun banda a chruthú.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Fíochán feadánach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 269.