Fáilte an Aingil

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Paidir traidisiúnta Chaitliceach Rómhánach agus Cheartchreidmheach Oirthearach is ea Fáilte an Aingil (Laidin: Salutatio Angelica), a ghlaonn ar idirghuí Mhuire, máthair Íosa.

Úsáideann sainchreidimh éagsúla Chríostaí an phaidir céanna chomh maith, go háirithe siúd a chloíonn leis an traidisiún Caitliceach - mar shampla, baill Angla-Caitliceacha den Chomaoin Anglacánach, Liútaraigh agus Meitidistigh.

Is é seo a leanas an leagan a úsáidtear san Eaglais Chaitliceach Rómhánach:

'Sé do bheatha, a Mhuire, atá lán de ghrásta. Tá an Tiarna leat.
Is beannaithe thú idir mná, agus is beannaithe toradh do bhroinne: Íosa.
A Naomh-Mhuire, a Mháthair Dé, guigh orainn, na peacaigh,
Anois, agus ar uair ár mbáis. Áiméan.

An bunthéacs Laidineach bunaithe ar Soiscéal Lúcas ná:

Ave, Maria, gratia plena;
Dominus tecum:
benedicta tu in mulieribus,
et benedictus fructus ventris tui Iesus.
Sancta Maria, Mater Dei,
ora pro nobis peccatoribus,
nunc et in hora mortis nostrae.
Amen.


Vicipéid
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.


Do chuid uirlisí