Ezra Nawi

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Nawi, in Aibreán na bliana 2010

Is gníomhaí cearta daonna[1] as Iosrael é Ezra Nawi (nó Ezra Yizhak NawiEzra Yitzchak Nawi) a tháinig chun cinn go hidirnásiúnta tar éis gur ciontaíodh é sa bhliain 2007 as páirt a ghlacadh i gcíréib agus ionsaí a dhéanamh ar phóilín bainteach le scrios theach Arabach sa Bhruach Thiar ag Póilíní Teorainn na hIosráile.

Cúlra[athraigh | edit source]

Rugadh é sa bhliain 1952. Pluiméireacht an cheird a bhí aige. Bhíodh baint aige le gluaiseacht óige cumannach agus é ina ógánach agus thosaigh sé amach sa ghníomhaiocht pholaitiúil tar éis an Chéad Intifada sna 1980dí.

Ciontú 1992 - 2006[athraigh | edit source]

Ciontaíodh Ezra Nawi san Iosrael as sodamacht a dhéanamh ar ógánach Palaistíneach sa bhliain 1992.[2][3][4] [5] Ciontaíodh é as úsáid mhídhleathach a bhaint as uirlisí troda is as coireanna a bhaineann le drugaí, agus tá dhá sheal caite sa phríosúín aige dá mbarr, sna blianta 1997 agus 2006.[6][7] Scríobh David Norris litir i 1997 chun Nawi a cabhrú.[8] [9]

Ciontú 2007 - 2009[athraigh | edit source]

Tháinig sé chun cinn go hidirnásiúnta tar éis gur ciontaíodh é sa bhliain 2007 as páirt a ghlacadh i gcíréib agus ionsaí a dhéanamh ar phóilín bainteach le scrios theach Arabach sa Bhruach Thiar ag Póilíní Teorainn na hIosráile.[10][11]

Saol Pearsanta[athraigh | edit source]

Iarpháirtí é Ezra Nawi den pholaiteoir Éireannach David Norris.[12]

Tagairtí[athraigh | edit source]

Naisc Sheactracha[athraigh | edit source]