Explorer 1

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Taisteal SpáisExplorer 1

Cineál miseansaitilít shaorga
Oibritheoir   Army Ballistic Missile Agency (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmniú Harvard1958 Alpha 1
NSSDCA ID1958-001A
Uimh. SATCAT00004
Fad an mhisin9,590,400
Airíonna árthaigh
MonaróirJet Propulsion Laboratory Cuir in eagar ar Wikidata
Maispálasta:
13.97 kg Cuir in eagar ar Wikidata
Cumhacht60 W
Tús an mhisin
Lainseáil roicéid
Dáta1 Feabhra 1958
ÁitCape Canaveral Launch Complex 26 (en) Aistrigh, Cape Canaveral Space Force Station (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Feithicil lainseáilJuno I Cuir in eagar ar Wikidata
Deireadh an mhisin
Teagmháil dheireanach23 Bealtaine 1958 Cuir in eagar ar Wikidata
Athiontráil31 Márta 1970 Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhachtaigh fithiseach
Cineál fithisemedium Earth orbit (en) Aistrigh
Ais mór7,832.2 km
Éalárnacht0.14
Pearaipsis358 km
Apoaipsis2,550 km
Claonadh33.24 °
Tréimhse114.8 min
RAAN334.617
Argóint an pearaipsis311.531 °
Meán aimhrialtacht48.3249 °

An chéad satailít spáis de chuid na Stát Aontaithe, a lainseáladh i 1958 mar chomhoibriú idir gníomhaireacht na ndiúracán bailistíoch san arm is saotharlann scairdtiomána Institiúid Teicneolaíochta California (a tugadh le chéile níos déanaí i NASA). Spásárthach simplí 14 kg ab ea í, a lainseáladh le roicéad Redstone (Jupiter-C) ó Cape Canaveral i bhFlorida. Ar bord bhí ionstraimí bunúsacha chun radaíocht a bhrath is a chomhaireamh, a tógadh in Ollscoil Iowa. D'fhionn sé na criosanna de cháithníní ardfhuinnimh luchtaithe atá sáinnithe i réimse maighnéadach an Domhain, ar tugadh criosanna Van Allen orthu as James Van Allen ó Ollscoil Iowa a bhí i bhfeighil na dtomhas seo. Go luath ina dhiaidh sin tugadh an t-ainm ginearálta Explorer ar shraith aistear satailítí i bhfithisí domhanda chun turgnaimh shimplí fisice is réaltéolaíochta a dhéanamh.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Explorer 1". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 250.