European Border Breakers Awards

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtEuropean Border Breakers Awards
Cineálgradam Cuir in eagar ar Wikidata
Bailíocht2004 - 2019
Tíran Ísiltír Cuir in eagar ar Wikidata
Craolta ag

Suíomh gréasáineuropeanborderbreakersawards.eu Cuir in eagar ar Wikidata


Duais na mBristeoirí Teorann san Eoraip 2012 - Selah Sue - le Mike Breeuwer

Gach bliain aithníonn Duaiseanna na mBristeoirí Teorann san Eoraip (EBBA)[1] an rath a tháinig ar 10 n-ealaíontóir nó ngrúpa a shroicheann lucht éisteachta lasmuigh dá dtíortha féin leis an gcéad albam uathu a eisíodh go hidirnáisiúnta sa bhliain roimhe sin. Ar bhuaiteoirí Dhuais na mBristeoirí Teorann san Eoraip áirítear Adele, Tokio Hotel, The Baseballs, Zaz, Lykke Li, Milow, Katie Melua, Damien Rice, Caro Emerald, Stromae and Mumford & Sons.[1]

Eagrú[cuir in eagar | athraigh foinse]

An Coimisiún Eorpach a sheol Duaiseanna EBBA agus is duaiseanna de chuid an Aontais Eorpaigh iad.[2] Fundúireacht Noorderslag, a bhfuil de chúram uirthi dáileadh phopcheoil na hEorpa a spreagadh, a eagraíonn an roghnú agus searmanas an bhronnta.[3]

Duais na mBristeoirí Teorann san Eoraip 2012 - Na buaiteoirí uile - le Mike Breeuwer

Comhpháirtithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • European Broadcasting Union (EBU)[4]
  • Clár Mhalartú Buanna na hEorpa (ETEP), a chruthaíonn líonra idir fhéilte popcheoil Eorpacha, rud a éascaíonn áirithint bannaí ceoil ó lasmuigh dá dtír dhúchais.[4] Fairis sin, tugann sé eolas do na meáin faoi ealaíontóirí Eorpacha atá ag teacht chun cinn.[5]

Buaiteoirí a roghnú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is ar bhonn na gcritéar seo a leanas a roghnaítear na healaíontóirí nó na grúpaí a ainmnítear do Dhuaiseanna na mBristeoirí Teorann san Eoraip:

  • Rath na chéad eisiúna idirnáisiúnta i dtíortha Eorpacha eile seachas tír dhúchais an ealaíontóra sa bhliain roimhe sin.
  • Am seinnte raidió a thug Aontas Craolacháin na hEorpa (EBU) don ealaíontóir ar a gcainéil raidió.
  • Rath an ealaíontóra ag féilte Eorpacha (ETEP) lasmuigh dá tír/thír dhúchais.[6]

Duais Rogha an Phobail[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ó 2010, bíonn vótáil ar líne le teacht ar an mbuaiteoir Dhuais EBBA a gheobhaidh Duais Rogha an Phobail, anuas ar ar ngnáthdhuais.[7] An chéad bhuaiteoir, b'shin an t-amhránaí-cumadóir ceoil Milow.[8] Bhuaigh an banna raic is roll Gearmánach The Baseballs in 2011.[9]

Duais na mBristeoirí Teorann san Eoraip 2012 - Anna Calvi - le Mike Breeuwer

An seó[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ó 2009 bíonn searmanas na nduaiseanna ar siúl in Eanáir gach bliain, le linn na féile Eurosonic Noorderslag, i gcathair Groningen na hÍsiltíre,arna léiriú ag an aoi is ceoltóir BBC Jools Holland.[7] Ceolann buaiteoirí Dhuais EBBA beo i rith an tseó, agus le linn na féile féile féin. Tugtar cuireadh do bhuaiteoirí na mblianta roimhe sin casadh mar aíonna speisialta. Taifeadann an cainéal craolacháin poiblí NOS/NTR and searmanas agus craoltar trí NET3 é.[10] Craoltar an seó gach bliain ar roinnt cainéal teilifíse Eorpach.

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

An Coimisiún Eorpach a thionscain Duaiseanna EBBA in 2004.[2] Trí na duaiseanna, tá faoin gCoimisiún Eorpach cúrsaíocht thrasteorann an phopcheoil a spreagadh agus aird a tharraingt ar mhór-éagsúlacht ceoil na hEorpa. Clár Cultúir an Aontais Eorpaigh a thacaíonn le Duaiseanna na mBristeoirí Teorann san Eoraip, agus tá faoi soghluaisteacht thrasteorann na n-ealaíontóirí is na ngairmiúlach ceoil a spreagadh; cúrsaíocht thrasteorann an aschurtha chultúrtha is ealaíne a mhisniú; agus comhphlé idirchultúrtha a chothú.[7]

Buaiteoirí Dhuaiseanna EBBA 2012[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tír Ealaíontóir Albam
An Ostair Elektro Guzzi Elektro Guzzi
An Bheilg Selah Sue Selah Sue
An Danmhairg Agnes Obel Philharmonics
An Fhrainc Ben l’Oncle Soul Soulman
An Ghearmáin Boy Mutual Friends
Éire James Vincent McMorrow Early in the Morning
An Ísiltír Afrojack Lost and Found
An Rómáin Alexandra Stan Saxobeats
An tSualainn Swedish House Mafia Until One
An Ríocht Aontaithe Anna Calvi Anna Calvi

Buaiteoir Dhuais Rogha an Phobail: Selah Sue

Buaiteoirí Dhuaiseanna EBBA 2011[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tír Ealaíontóir Albam
An Danmhairg Aura Dione Columbine
An Ghearmáin The Baseballs Strike
An Fhrainc Zaz ZAZ
An Iorua Donkeyboy Caught
An Rómáin Inna Hot
An Ostair Saint Lu Saint Lu
An Ríocht Aontaithe Mumford & Sons Sigh No More
An tSualainn Miike Snow Miike Snow
An Ísiltír Caro Emerald Deleted Scenes From The Cutting Room
An Bheilg Stromae Cheese

Buaiteoir Dhuais Rogha an Phobail: The Baseballs

Buaiteoirí Dhuaiseanna EBBA 2010[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tír Ealaíontóir Albam
An Bheilg Milow Milow
An Ríocht Aontaithe Charlie Winston Hobo
An Ghearmáin Peter Fox Stadtaffe
An Ostair Soap&Skin Lovetune for Vacuum
An Eastóin Kerli Love Is Dead
An tSualainn Jenny Wilson Hardships
An Phortaingéil Buraka Som Sistema Black Diamond
An Fhrainc Sliimy Paint Your Face
An Ísiltír Esmée Denters Outta Here
An Iodáil Giusy Ferreri Gaetana

Buaiteoir Dhuais Rogha an Phobail: Milow

Buaiteoirí Dhuaiseanna EBBA 2009[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tír Ealaíontóir Albam
An Fhrainc Aaron Artificial Animals Riding on Neverland
An Ríocht Aontaithe Adele 19
An Danmhairg Alphabeat Alphabeat
An Ghearmáin Cinema Bizarre Final Attraction
An Fhrainc The Dø A Mouthfull
An Ísiltír Kraak & Smaak Boogie Angst
An Danmhairg Ida Corr One
An tSualainn Lykke Li Youth Novels
Éire The Script The Script
An Ríocht Aontaithe The Ting Tings We Started Nothing

Buaiteoirí Dhuaiseanna EBBA 2008[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tír Ealaíontóir Albam
An Bheilg Reborn Fools Rush In
An Danmhairg Dúné We are in there, you are out there
An Fhionlainn Sunrise Avenue On The Way To Wonderland
An Fhrainc Ayo Joyful
An Ghearmáin Cascada Everytime We Touch
Éire Dolores O'Riordan Are You Listening?
An Pholainn Hemp Gru Klucz
An Spáinn Miguel Ángel Muñoz M.A.M.
An tSualainn Basshunter LOL <(^^,)>
An Ríocht Aontaithe The Fratellis Costello Music

Buaiteoirí Dhuaiseanna EBBA 2007[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tír Ealaíontóir Albam
An Bheilg Gabriel Ríos Ghostboy
An Ghearmáin Tokio Hotel Schrei
An Fhrainc Ilona Mitrecey Un monde parfait
An Ghréig Elena Paparizou My Number One
An Ríocht Aontaithe Corinne Bailey Rae Corinne Bailey Rae
Éire Celtic Woman Celtic Woman
An Iodáil Vittorio Grigolo In the Hands of Love
An Pholainn Blog 27 Lol
An tSualainn José González Veneer
An Spáinn Beatriz Luengo Beatriz Luengo

Buaiteoirí Dhuaiseanna EBBA 2006[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tír Ealaíontóir Albam
An Bheilg Sarah Bettens Scream
An Danmhairg Hush A Lifetime
An Ghearmáin Juli Es ist Juli
An Fhrainc Amel Bent Un jour d'été
An Ríocht Aontaithe KT Tunstall Eye to the Telescope
Éire Hal Hal
An tSualainn Arash Boro Boro
An Spáinn Bebe Pafuera Telanaras
An Ungáir Heaven Street Seven Get Out And Walk!

Buaiteoirí Dhuaiseanna EBBA 2005[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tír Ealaíontóir Albam
An Danmhairg The Raveonettes Chain gang of love
An Ghearmáin Wir sind Helden Die Reklamation
An Fhionlainn Redrama Every Day Soundtrack
An Fhrainc Corneille Parce que l'on vient de loin
An Ríocht Aontaithe Katie Melua Call Off the Search
Éire Damien Rice O
An Iodáil Benny Benassi Hypnotica
An Pholainn Myslovitz Korova Milky Bar
An tSualainn Ana Johnsson The Way I Am

Buaiteoirí Dhuaiseanna EBBA 2004[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tír Ealaíontóir Albam
An Bheilg Lasgo Some Things
An Danmhairg Saybia The Second You Sleep
An Ghearmáin Masterplan Masterplan
An Fhrainc Carla Bruni Quelqu'un m'a dit
An Ríocht Aontaithe The Darkness Permission To Land
Éire The Thrills So Much For The City
An Iodáil Tiziano Ferro Rosso Relativo
An Phortaingéil Mariza Fado Em Mim
An Spáinn Las Ketchup Hijas del Tomate

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Buaiteoirí Dhuaiseanna Eorpacha na mBristeoirí Teorann 2011" Curtha i gcartlann 2010-12-07 ar an Wayback Machine, Subba-cultcha.com. Arna aisghabháil 19 Meán Fómhair 2011
  2. 2.0 2.1 " Treoir d'fhéilte ceoil sa bhaile agus san AE " Curtha i gcartlann 2013-10-24 ar an Wayback Machine, Talktoeu.ie. Arna aisghabháil 19 Meán Fómhair 2011
  3. " I dTaobh Eurosonic Noorderslag", Eurosonic-noorderslag.nl. Arna aisghabháil 18 Meán Fómhair 2011
  4. 4.0 4.1 " Duaiseanna EBBA" Curtha i gcartlann 2011-09-23 ar an Wayback Machine, Eurosonic-noorderslag.nl. Arna aisghabháil 19 Meán Fómhair 2011
  5. " Clár Mhalartú Buanna na hEorpa" Curtha i gcartlann 2019-05-03 ar an Wayback Machine, Etep.nl. Arna aisghabháil 19 Meán Fómhair 2011
  6. "Critéir roghnúcháin " Curtha i gcartlann 2011-11-07 ar an Wayback Machine, Europeanborderbreakersawards.eu. Arna aisghabháil 19 Meán Fómhair 2011
  7. 7.0 7.1 7.2 " Duais an Aontais Eorpaigh do Cheol Comhaimseartha", Ec.europa.eu. Arna aisghabháil 19 Meán Fómhair 2011
  8. " Bhuaigh Milow an Chéad Rogha an Phobail ag EBBA!", Encore.celebrityaccess.com. Arna aisghabháil 19 Meán Fómhair 2011
  9. "Duaiseanna EBBA: bhuaigh The Baseballs Duais Rogha an Phobail", Eurosonic-noorderslag.nl. 12 Eanáir 2011
  10. " Programma " Curtha i gcartlann 2012-05-25 at Archive.today, Nps.nl. 8 Eanáir 2011

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]