Europa (gealach)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Iúpatar, Europa agus Callisto.

Gealach de chuid Iúpatair í Europa, agus í ar an seachtú satailít is cóngaraí don phláinéad sin. Ceann de Ghealacha Galileo atá ann, is é sin, na gealacha a d'aithin Galileo Galilei roimh aon duine eile sa bhliain 1610. Is í Europa an ceann is lú den cheathrar seo.

Tá sé de chuma ar Europa nach bhfuil ann ach liathróid oighir, ach le fírinne, creideann na saineolaithe go bhfuil fórsaí imtharraingthe Iúpatair agus na ngealach eile ag coinneáil an uisce leáite faoi dhromchla na gealaí seo, ionas gur féidir go bhfuil farraige iomlán istigh ansin. Táthar ag déanamh, fiú, go bhféadfadh miocrorgánaigh a bheith beo san fharraige sin.

Íomhá fíor-dath ó Galileo

Fuair Europa a hainm ó Simon Marius, an réalteolaí Gearmánach a thug le fios gurbh eisean, seachas Galileo, ba túisce a chonaic an ghealach. Ní raibh na réalteolaithe sásta na hainmneacha a thug Marius ar na gealacha a úsáid, agus ar feadh i bhfad, thugaidís "Iúpatar a Dó" ar Europa, agus iad ag baint úsáide as córas ainmnithe na ngealach a bhí céadcheaptha ag Galileo féin. Mar sin, níor éirigh "Europa" coitianta mar ainm ach san fhichiú haois.

Tá Europa ainmnithe as "Europa", iníon Agenor i miotaseolaíocht na Gréige. B'é rí na Tíre é, mar Agenor. Seanchathair Fhéiníceach í an Tír atá suite i Liobáin an lae inniu. Deirfiúir le Cadmus ab ea í Europa freisin - b'é Cadmus a bhunaigh an Téib sa Ghréig.

Tá réigiún ar Europa atá ainmnithe as Conamara in Éirinn - Conamara Chaos. Is é is brí le chaos sa choimhthéacs seo ná réigiún a bhfuil cuma anordúil (chaotic) air.