Espírito Santo

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Espírito Santo

Is stát sa Bhrasaíl é Espírito Santo. Tá an stát suite in oirdheasceart na tíre. Is í Vitória an phríomhchathair agus is í Vila Velha an chathair is mó. Tá daonra 3,097,232 sa stát. Is é Paulo Hartung an Gobharnóir.

Stair[athraigh | edit source]

Indiacha dúchasacha a bhí sa cheantar seo ar dtús. Choilínigh lonnaitheoirí na Portaingéile agus a sclábhaí an ceantar ina dhiaidh sin agus níos déanaí tháinig lonnaitheoirí ó thíortha eile Eorpach.

Bhí Vasco Coutinho i gceannas ar an stát tar éis fionnachtana na Brasaíle i 1500. Tháinig sé in éineacht le 60 saighdiúirí, sclábhaí, agus seirbhísigh ar 23 Meitheamh 1535. B'é Vila Velha an phriomhchathair ar dtús ach rinneadh príomhchathair de Vitória tar éis ruathar leis na dúchasaigh. Bunaíodh Serra, Nova Almeida agus Santa Cruz le teacht misinéirí Caitliceacha.


Drapeau du Brésil Stáit agus Réigiúin na Brasaíle Drapeau du Brésil

Na 26 Stáit
Acre · Alagoas · Amapá · Amazonas · Bahia · Ceará · Espírito Santo · Goiás · Maranhão · Mato Grosso · Mato Grosso do Sul · Minas Gerais · Pará · Paraíba · Paraná · Pernambuco · Piauí · Rio de Janeiro · Rio Grande do Norte · Rio Grande do Sul · Rondônia · Roraima · Santa Catarina · São Paulo · Sergipe · Tocantins
An Ceantar Cónaidhme