Erwin Rommel

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Generalfeldmarschall Erwin Rommel

Bhí Erwin Johannes Eugen Rommel (rugadh 15 Samhain 1891 agus d'éag 14 Deireadh Fómhair 1944) ina cheannasaí tábhachtach den arm Gearmánach i rith an Dara Cogadh Domhanda.

Thóg sé páirt ins an Chéad Chogadh Domhanda ach bhain sé an cháil is mó amach mar cheannasaí ar an arm Gearmánach a throid in aghaidh na Sasanaí san fhásach i dtuaisceart na hAfraice. De bharr a dul chun chinn in aghaidh Montgomery, an ceannaire Sasanach, ghlaodh "Sionnach an Fásaigh" air. (Gearmáinis: Der Wüstenfuchs(cabhair, comhaid)). Faoi dheireadh bualadh é ag cath El Alamain.

D'fhill sé ar an Ghearmáin ach bhí amhras ar na Naitsithe go raibh sé bainteach leis an iarracht Adolf Hitler a mharú san comhcheilg ar an 20 Iúil 1944.

Chuir sé lámh ina bhás fhéin tar éis brú millteanach air ó na Naitsithe ach in ainneoin sin, adhlachadh é le chuile onóir.