Ernst Pascual Jordan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Fisicí a rugadh i Hannover na Gearmáine ab ea Ernst Pascual Jordan (1902-1980). Sna 1920idí chabhraigh sé le bunú na meicnice candamaí is na leictridinimice candamaí. Cheap sé rang d'ailgéabair neamhchomhthiomsaitheacha a dtugtar ailgéabair Jordan orthu.