Erasmus as Rotterdam
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ba sagart, fealsúnaí, daonnachtaí Críostaíochta agus deashearmanóir é Erasmus as Rotterdam (rugadh 27 nó 28 Deireadh Fómhair 1469 i Batavice, Rotterdam agus d'éag 12 Iúil 1536 i mBasil, An Eilvéis).
[athraigh] A Shaol
Rugadh i mbochtannas é, ach ghlacadh isteach in mainistreach de chuid na hAguistíní é mar stócach agus rinneadh sagart agus níos déanaí easpag de. Chaith sé tréimhse ag staidéaracht i bPáras ach in ainneoin gur fhoghlaim sé neart, chuir an cruatan a d'fhulaing sé ansin isteach air. Thaistil sé ó cheann ceann na hEorpa agus chaith sé seal torthúil taithnimheach i Sasana mar ar bhuail sé le na daonnachtaí mór le rá comhaimsire sa tír sin.
Chuir sé neart oibre fiúntach i gcló, uilig scríte i Laidin, teanga ina raibh a chumas aitheanta go forleathan. Rinne sé chuir síos agus tráchtaracht ar a lán de na saothar claiseacha ón seandomhan agus anuas ar sin cháin sé an Eaglais Chaitliceach agus rinne sé chuid mhaith mholta le na fadhbanna, nárbh fhéidir a shéanna, a bhí aici a réiteach.
Bhí clú agus cáil dochreidte aige thart fán Eoraip agus neart rialathóirí ag lorg a chomhairle. Thart faoin am seo is ea a thosaigh an Athleasú Creidimh le Martin Luther agus a thacathóirí. Deirtear go raibh sé ar chumas Erasmus stop a chuir le seo agus na fadhbanna a réiteach taobh istigh den Eaglais Chaitliceach agus an deighilt a sheachaint ach de réir dealramh ní raibh sé sásta idirghabháil a dhéanamh. Níor thacaí sé le ceachtar de na dreamanna agus faoi dheireadh ní mó ná sásta a bhí chaon taobh den aighneas. Chuireadh é in Ardeaglais Basil sa bhliain 1536.
[athraigh] A Shaothar
- Antibarbari
- Adagiorum chiliades
- Enchiridion militis Christiani
- Μωρίας Ἐγκώμιον (Morias Encomion) sive Stultitiae Laus
- De copia verborum
- De constructione octo partium orationis
- Dialogus, Iulius exclusus e coelis
- Novum Testamentum Graece
- Institutio principis christiani
- Querela pacis
- Familiarium colloquiorum formulae
- Colloquia familiaria
- De libero arbitrio
- Hyperaspistes diatribae
- Christiani matrimonii institutio
- Paraclesis
- Methodus
- Apologia
- Ratio
- Dialogus cui titulus Ciceronianus
- De conscribendis epistolis
- De recta latini graecique sermonis pronuntiatione Textus
- De sarcienda ecclesiae concordia
- De preparatione ad mortem
- Ecclesiastes
- Epistolae
- Carmina