Eoleolaíocht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaEoleolaíocht
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálgluaiseacht reiligiúnach nua
creideamh Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodhBealtaine 1952
Bunaitheoir(í)L. Ron Hubbard Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú

Suíomh gréasáinscientology.org Cuir in eagar ar Wikidata
Siombail na hEoleolaíochta

Is í an Eoleolaíocht[1][2]Eaglais na hEoleolaíochta (Béarla: Scientology) an creideamh a chum agus a cheap an scríbhneoir ficsin eolaíochta L. Ron Hubbard sa bhliain 1952. Creideamh é a bhí go minic ina chúis achrainn ó thús a staire, agus is minic nach mbíonn sé soiléir cé acu creideamh nó córas teiripe agus comhairleoireachta atá ann. Cuirtear ina leith fosta go bhfuil blas áirithe den cheoldráma spáis ar thuiscint na hEoleolaíochta ar réamhstair an chine dhaonna.

Tugtar Eaglais na hEoleolaíochta ar an eagraíocht a choinníonn súil ar chleachtais agus chreideamh cheart na hEoleolaíochta agus a chraobhscaoileann ar fud an domhain í. Cuireadh tús leis an eaglais mar eagraíocht reiligiúnach sa bhliain 1953, ach roimhe sin, bhí córas féinchabhrach dá dhéantús féin ag Hubbard, an diainéitic nó Dianetics. Dúirt sé féin gur "fealsúnacht reiligiúnach fheidhmitheach" a bhí san Eoleolaíocht, nó dúshraith a bhféadfaí reiligiún nua a thógáil uirthi.

Nuair a fuair Hubbard féin bás, tháinig David Miscavige i gcomharbacht air mar phríomhcheannasaí eaglasta. Go bunúsach, tá Miscavige ina chathaoirleach boird ar an Religious Technology Center, nó "Lárionad na Teicneolaíochta Reiligiúnaí". Is é an Lárionad seo úinéir na dtrádmharc a bhaineann leis an Eoleolaíocht, cosúil leis na hainmneacha Scientology agus Dianetics féin.

L. Ron Hubbard sa bhliain 1950

Teagascann an Eoleolaíocht gur neacha neamhbhásmhara iad na daoine a rinne dearmad dá ndúchas. An duine a dteastaíonn uaidh biseach a fháil agus teacht i dteagmháil lena fhíor-nádúr arís, caithfidh sé dul faoi iniúchadh (auditing). Is éard is ciall leis an "iniúchadh" ná cineál comhairleoireacht spioradálta a chuireann ar chumas an othair gabháil trína chuid trámaí síceacha in athuair leis na srianta a bhaint dá intinn a d'fhág na trámaí seo uirthi.

Ón lá ar tháinig sí chun saoil, tá an Eoleolaíocht ina hábhar conspóide agus achrann, idir chreideamh agus eagraíocht. Tá sé ráite ag go leor iriseoirí, cúirteanna agus ranna rialtais i dtíortha éagsúla, gur cultas mífholláin dainséarach í Eaglais na hEoleolaíochta. Thairis sin, dúirt a lán acu go mbíonn lucht stiúrtha an chultais ag glacadh buntáiste ar ghnáthbhaill na heaglaise agus ag saothrú an airgid mhóir orthu - is é sin, gur fiontar neamhscrupallach camghnó í an Eoleolaíocht. Is é an freagra is nós leis na hEoleolaithe féin a thabhairt ar na líomhaintí seo gur bolscaireacht de chuid grúpaí sainleasa atá ann agus go bhfuiltear ag baint fola as seanchoilm chneasaithe. Sna Stáit Aontaithe, tá stádas an reiligiúin ag an Eoleolaíocht, agus an eaglais díolmhaithe ó na cánacha, mar a bhíonn na heagraíochtaí reiligiúnacha sa tír sin.

Tá cuid mhaith eagraíochtaí carthanais agus gnólachtaí dá gcuid féin ag na hEoleolaithe, cosúil le Narconon, atá dírithe ar lucht mí-úsáidte na ndrugaí a athshlánú is a athinmhiú; Criminon, leis na coirpigh a leigheas agus a chur i mbealach a leasa; Volunteer Ministers, agus iad ag tabhairt sóláis do dhaoine atá in ísle brí nó i gcruachás; agus an World Institute of Scientology Enterprises, foras a sholáthraíonn oiliúint do lucht gnó de réir mhodh oibre na diainéitice. Is é an locht is minicí a fhaigheann criticeoirí na hEoleolaíochta ar na heagraíochtaí seo ná nach bhfuil iontu go bunúsach ach cleas earcaíochta.

David Miscavige

Cuid acu siúd a thréig eaglais na hEoleolaíochta, tá siad ag iarraidh an diainéitic agus fealsúnacht na hEoleolaíochta a fhorbairt, a fheabhsú agus a chraobhscaoileadh beag beann ar an eaglais. Tugann siad "Crioslach na Saoirse", nó an Free Zone, orthu féin. Tá fuath na ndaol ag lucht na heaglaise ar na heoleolaithe neamhspleácha seo, agus is é an t-ainm atá acu orthu ná "na hioraí rua" (the squirrels).

Sa bhliain 1966, bhunaigh Hubbard cabhlach d'Eaglais na hEoleolaíochta, an Sea Org nó an Eagraíocht Farraige. I dtús a staire, bhí lucht na hEagraíochta Farraige ag caitheamh cultacha catha a chuirfeadh sainéide Chabhlach na Stát Aontaithe i gcuimhne duit, agus longa acu le haghaidh seoltóireachta. Inniu féin, tá stádas na scothaicme ag lucht an Sea Org san eaglais, cé nach mbíonn na hEoleolaithe chomh tugtha don tseoltóireacht agus don loingseoireacht agus a bhí tráth. Chaith Hubbard seal gairid ina oifigeach cabhlaigh nuair a bhí sé óg, agus cineál cumha air i ndiaidh na laethanta sin nuair a bhunaigh sé an Sea Org, is dócha.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

An Diainéitic[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an Eoleolaíocht bunaithe ar an gcóras féinchabhrach a d'fhorbair L. Ron Hubbard sna daichidí, an diainéitic mar a thugann sé air. Tá an diainéitic bunaithe ar theicníocht comhairleoireachta a dtugann Hubbard iniúchóireacht (Béarla: auditing) uirthi, agus is é is cuspóir leis ná cuimhní an duine ar na heachtraí míthaitneamhacha ina shaol a mhúscailt agus a athbheochan. Ar dtús, bhí an diainéitic ceaptha mar chineál nua síciteiripe, seachas mar dhúshraith do reiligiún nua.

Thosaigh Hubbard a ghairmréim mar scríbhneoir garrfhicsin agus ficsin eolaíochta. Scríobh sé, fiú, úrscéal aorach faoi shaol an gharrscríbhneora, Typewriter in the Sky, a chuaigh i dtáin an fhicsin eolaíochta agus a bhfuil clú agus cáil air i gcónaí mar scéal maith greannmhar. Maidir leis an diainéitic, bhreac Hubbard síos an chéad leabhar fúithi sa bhliain 1948. Tugtar The Original Thesis, An Tráchtas Bunaidh, ar an leabhar seo. Leabhar féinfhoilsithe príobháideach a bhí ann. Cibé scéal é, áfach, tharraing an tráchtas seo a lán airde ar Hubbard, ionas go bhfuair sé caoi ar chúpla alt faoin diainéitic a fhoilsiú ar irisí cosúil leis an Explorers Club Journal agus an Astounding Science Fiction. Bhí suim ag John W. Campbell Jr., eagarthóir an Astounding, sa diainéitic, agus fuair sé tacaíocht ón Dochtúir Joseph A. Winter fosta. Síciatraí oilte a bhí i Winter a d'fhéach le hailt faoin diainéitic a fhoilsiú ar irisí eolaíocha síciatrachta, ach ní raibh fáilte rompu ansin. Go gairid ina dhiaidh sin, d'éirigh ina chogadh dearg idir Hubbard agus Winter, agus sa bhliain 1951, d'fhoilsigh Winter an chéad leabhar criticiúil, acadúil riamh faoin diainéitic: A Doctor's Report on Dianetics,

Roimhe sin, áfach, scríobh Winter an réamhrá don leabhar faoin diainéitic a d'fhoilsigh Hubbard sa bhliain 1950: Dianetics: The Modern Sense of Mental Health. Bhí an ceann seo ar liosta na leabhar ab fhearr díol ar an New York Times go deireadh na bliana, agus d'fhoghlaim na mílte daoine modhanna oibre na diainéitice go paiteanta. Tháinig gluaiseacht iomlán diainéitice ar an bhfód, agus Hubbard á adhradh ag lucht na gluaiseachta. Thuig Hubbard go raibh airgead le saothrú ar an diainéitic, agus chuaigh sé le léachtóireacht mar shlí bheatha. Bhunaigh sé an chéad fhondúireacht diainéitice in Elizabeth in aice le Newark, áit a ndeachaigh na chéad chleachtóirí diainéitice, nó iniúchóirí, ar scoil.

Ní mó ná sásta a bhí na síciatraithe gairmiúla. Bhí Morris Fishbein, eagarthóir an Journal of the American Medical Association agus fear mór réasúnaíochta agus sceipteachais a raibh clú agus cáil air san am agus an dóigh a mbíodh sé ag ionsaí is ag lochtú gach sórt dochtúirí bréige agus leighis mhaide, - bhí Fishbein den tuairim nach raibh sa diainéitic ach síocanailís an bhacaigh bhoicht, agus nach raibh baint ag coincheap na diainéitice le haon chineál eolaíochta. Sa bhliain 1951, chuir na húdaráis sláinte i New Jersey an dlí ar fhondúireacht diainéitice Hubbard toisc go raibh sí ag teagasc míochaine gan cheadúnas oifigiúil. Ba é deireadh an scéil sin go ndeachaigh an fhondúireacht i mbá.

Bhí cleachtóirí áirithe den bharúil go raibh siad tar éis radharc a fháil ar an saol a bhí acu roimh an saol seo le cúnamh na diainéitice, agus thosaigh lucht leanúna na diainéitice ag cardáil cheist an ath-ionchollaithe eatarthu féin go díograiseach. Níor thaitin an casadh seo i leith an reiligiúnachais le Campbell ná le Winter, ó bhí siad dóchasach i gcónaí as an diainéitic a thabhairt isteach i bpríomhshruth na heolaíochta is na míochaine. Bhí Hubbard breá sásta leis an smaoineamh, áfach, agus thosaigh sé ag iompú na diainéitice ina reiligiún. D'fhorbair sé coincheap an téiteáin (Béarla: thetan), arb ionann é go bunúsach agus an t-anam sna reiligiúin eile.

Sa bhliain 1951, freisin, cheap Hubbard an t-E-mhéadar nó an "leictrishícimhéadar", gléas teicneolaíochta a bhíonn in úsáid ag na hiniúchóirí inniu féin le riocht intinne an duine a aithint atá faoi iniúchadh acu. Deir criticeoirí na hEoleolaíochta nach bhfuil ann go bunúsach ach ionstraim a thomhaiseann friotaíocht leictreach na colainne.

Eaglais na hEoleolaíochta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ón Diainéitic i dtreo na hEoleolaíochta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1952, d'fhoilsigh Hubbard Scientology, a Religious Philosophy. Ba é an leabhar seo an chéad chéim a ghlac Hubbard leis an "eolaíocht", an diainéitic, a iompú ina reiligiún i gceart. Faoi dheireadh na bliana 1953, bhunaigh sé an chéad trí eaglais eoleolaíochta, mar atá, "Eaglais na hEolaíochta Meiriceánaí" (Church of American Science), "Eaglais na hEoleolaíochta" (Church of Scientology), agus "Eaglais na hInnealtóireachta Spioradálta" (Church of Spiritual Engineering). Ar an 18 Feabhra 1954, chuir dornán de lucht leanúna Hubbard an chéad chraobh dá gcuid féin ar bun i gCalifornia le caoinchead óna bhfáidh, Eaglais Eoleolaíochta Chalifornia. Sna blianta ina dhiaidh sin, chuaigh an Eoleolaíocht i bhfairsinge i dtíortha an Bhéarla: i Sasana, in Éirinn, san Afraic Theas agus san Astráil. Déanta na fírinne, i ndiaidh bhunú na craoibhe i gCalifornia, tháinig an chéad chraobh áitiúil ar an bhfód taobh amuigh de na Stáit Aontaithe cheana féin, in Auckland, príomhchathair na Nua-Shéalainne.

Bunú agus Fódú na hEaglaise[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1955, bhunaigh Hubbard Eaglais Bhunaidh na hEoleolaíochta (Founding Church of Scientology) i Washington D.C. Mar a fheicimid, niorbh í an eaglais seo an chraobh bhunaidh, cibé faoin ainm. Inniu, tá músaem na hEoleolaíochta á reáchtáil in áras na heaglaise seo. Bhí cónaí ar Hubbard san áras sna blianta 1955-1959.

Sa bhliain 1957, d'éirigh le Hubbard aitheantas áirithe oifigiúil a bhaint amach don Eoleolaíocht mar reiligiún, nó bhronn an tSeirbhís Ioncaim Intíre (Internal Revenue Service, IRS, nó údarás cánachais na Stát Aontaithe) díolúine ón gcánachas ar Eaglais na hEoleolaíochta i gCalifornia. Fuair na craobhacha áitiúla eile sna Stáit Aontaithe an stádas seo chomh maith, ar feadh tamaill, ach sa bhliain 1958, thosaigh an tSeirbhís Ioncaim Intíre na fiosruithe le fáil amach, an raibh an stádas seo dlite don Eoleolaíocht i ndiaidh an iomláin. Mar ba mhinic ina dhiaidh sin, bhí an cheist á cur, cé acu reiligiún bona fide nó fiontar gnó a bhí ann. Sa bhliain 1959, d'aistrigh Hubbard go Sasana, áit ar chónaigh sé go lár na seascaidí.

Trioblóidí leis na hÚdaráis[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí trioblóidí eile ag an ngluaiseacht san am seachas ceist na díolúine ó cháin. Tháinig drochamhras ag an Údarás Bia agus Drugaí (Food and Drug Administration, FDA) ar an E-mhéadar, nó bhí lucht an údaráis den tuairim gur gléas neamhdhlíthiúil leighis a bhí ann. Ar an 4 Eanáir 1963, rinne na húdaráis ruathar ar oifigí na hEoleolaíochta, agus ghlac siad seilbh ar na céadta E-mhéadar. Ón lá sin i leith, greamaítear lipéad de gach E-mhéadar a bhfuil an rabhadh le léamh air nach gléas leighis atá ann ach gléas reiligiúnach.

I lár na seascaidí, thosaigh na húdaráis san Astráil ag cur in aghaidh na hEoleolaíochta. Chuir stát Victoria cosc leis an Eoleolaíocht sa bhliain 1965, agus stáit eile ag déanamh aithrise air ina dhiaidh sin. Bhí an cosc seo bunaithe ar Thuairisc Anderson, fiosrú oifigiúil ar mhodhanna oibre na hEoleolaíochta, agus é ainmnithe as an dlíodóir Kevin Victor Anderson a bhreac síos an tuairisc. Bhí an tuairisc an-chriticiúil i leith na hEoleolaíochta, agus í ag tabhairt le fios nach raibh inti ach cur i gcéill agus seafóid. Na saineolaithe a thug a dtuairimí d'Anderson, bhí siad barúlach nár chéadcheap Hubbard aon rud nua riamh: na cleachtais Eoleolaíochta a raibh éifeacht éigin iontu, ar siadsan, ní raibh iontu ach hiopnóis den chineál a bhí in úsáid roimh lá na hEoleolaíochta.

Chaith na hEoleolaithe na blianta ag iarraidh an cosc a chur ar ceal, agus idir an dá linn, bhaist siad an t-ainm cleite Church of the New Faith (Eaglais an Chreidimh Nua) ar an eaglais le teacht slán ón gcosc.

An Eagraíocht Farraige - Scothaicme na hEoleolaíochta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Agus é ag iarraidh foirceadal na hEoleolaíochta a fhorbairt agus a thabhairt chun foirfeachta, ba mhinic a bhí Hubbard á bhréagnú féin agus ag teacht salach ar a raibh ráite aige ní ba mhoiche. Mar sin, an duine ar theastaigh uaidh fanacht dílis do theagasc an fháidh, chaithfeadh sé glacadh le gach spadhar de chuid Hubbard mar a bheadh foilsiú fírinne ó Dhia ann. Sa bhliain 1966, d'éirigh Hubbard as ceannasaíocht na heaglaise le dul le scríbhneoireacht. Go gairid ina dhiaidh sin, áfach, bhunaigh sé an Sea Org, an Eagraíocht Farraige, le haghaidh a chuid caidrí scothaicme. Bhí trí long ag an Eagraíocht Farraige, mar atá, an Diana, an Athena, agus an Apollo, arbh í an bhratlong í. Mí i ndiaidh bunú na hEagraíochta Farraige, d'fhógair Hubbard go raibh fionnachtain nua thábhachtach déanta aige, agus ba é ba toradh don "fhionnachtain" seo ná an pacáiste nua foghlama a chuirfeadh ar cumas an dalta an chéim i gcóras na hEoleolaíochta a bhaint amach ar ar tugadh "OT III", nó Tríú Céim an Téiteáin Oibríoch. Ar dtús, ní raibh Tríú Céim an Téiteáin Oibríoch ar fáil ach amháin don Sea Org, agus ní raibh an cúrsa á theagasc ach amháin ar bhord na long. Dúirt Hubbard gurbh é cuspóir an chúrsa seo ná na constaicí a bhaint d'intinn an duine a bhí ag cur isteach ar an dul chun cinn spioradálta.

Sa bhliain 1967, bhain an tSeirbhís Ioncaim Intíre an díolúine ón gcánachas den Eoleolaíocht. Is é an breithiúnas a thug siad ar stádas na hEoleolaíochta ná gur fiontar gnó a bhí ann agus é ag saothrú airgid do Hubbard, seachas eagraíocht reiligiúnach nó charthanach. Chaith na hEoleolaithe breis is fiche bliain ag iarraidh an bhreith seo a chur ar ceal sna cúirteanna, rud a d'éirigh leo i ndeireadh na dála.

Sna 1970idí, chrom Eaglais na hEoleolaíochta ar fheachtas ar ar thug siad Operation Snow White - mar is léir ón ainm, bhí an oibríocht seo dírithe ar an míchlú a bhaint den Eoleolaíocht. Is é an cur chuige a bhí ag lucht an fheachtais ná buirgléireacht a dhéanamh in oifigí na n-údarás Stáit leis na cáipéisí a ghoid nó a scrios nach raibh fabhrach don Eoleolaíocht. Sa bhliain 1979, gearradh pionós dá lán ardfheidhmeannach i gcóras maorlathais na hEaglaise as na coireanna a rinne siad le linn Oibríocht Snow White, Mary Sue Hubbard (bean chéile L. Ron Hubbard) ina measc. Le linn na próise dlí, tháinig sé chun solais freisin go raibh feachtas - Operation Freakout - idir lámhaibh acu leis an scríbhneoir Paulette Cooper a chiapáil, ionas go rachadh sí as a meabhair: ba é cuspóir na nEoleolaithe go gcaithfí í a chur i dteach na ngealt. Bhí Cooper tar éis an Eoleolaíocht a cháineadh go trom i leabhar a d'fhoilsigh sí sa bhliain 1971, The Scandal of Scientology. Sa bhliain 1985, i ndiaidh blianta fada dlíthíochta, shocraigh an Eoleolaíocht agus Cooper eatarthu beag beann ar aon chúirt dlí nach mbeadh sí ag scríobh faoin Eoleolaíocht agus nach mbeadh na hEoleolaithe á ciapadh feasta.

Na hÍoraí Rua - na hEoleolaithe Neamhspleácha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1982, bunaíodh Lárionad na Teicneolaíochta Reiligiúnaí (Religious Technology Center) chun súil a choinneáil ar thrádmharcanna na nEoleolaíochta agus ar chóipcheart scríbhinní Hubbard. Faoin am céanna, tháinig Crioslach na Saoirse - fochultúr na nEoleolaithe neamhspleácha - ar an bhfód. Ní féidir a rá gur aon eagraíocht amháin iad na hEoleolaithe neamhspleácha, áfach. Tá cuid acu ag iarraidh a gcasadh féin a bhaint as teagasc Hubbard, agus cuid eile den tuairim gurb iad féin na hEoleolaithe "ceartchreidmheacha", agus gach sórt daoine idir eatarthu ann freisin.

An eagraíocht is tábhachtaí atá ann, ar a dtugtar "Ron's Org" (agus an t-ainm ag tabhairt le fios gurb iad lucht na heagraíochta seo atá ag cloí le fíortheagasc L. Ron Hubbard), is é Bill Robertson a bhunaigh sa bhliain 1982 í. Chaith Bill Robertson seal san Eagraíocht Farraige ina Chaptaen ar bhratlong na heagraíochta. Is é an tuiscint a bhí ag Robertson ná gur theastaigh ó Hubbard gan a chuid smaointí a choinneáil ón saol mór, agus nuair a chonaic sé go raibh an tsaor-rochtain seo ar idéanna an fháidh á srianadh le cóipchearta agus le paitinní ag Lárionad na Teicneolaíochta Reiligiúnaí, thréig sé an Eaglais. Bunaíodh an Lárionad sa Ghearmáin, tír atá thar a bheith naimhdeach ar an Eaglais oifigiúil Eoleolaíochta, toisc go bhfuil údaráis na tíre sin den tuairim gur seict mhífholláin í an Eoleolaíocht agus í ag iarraidh a saoirse a bhaint de dhaoine ar dhóigh nach bhfuil comhoiriúnach le Bunreacht na Gearmáine. Ón taobh eile de, tá siad den tuairim nach bhfuil "Ron's Org" ag ionsaí saoirse na saoránach. Is é an breithiúnas a thug Ursula Caberta, polaiteoir Gearmánach agus saineolaí ar an Eoleolaíocht, gur cineál "meatadón ionadach" atá san Eoleolaíocht Neamhspleách dóibh siúd atá ag iarraidh biseach a fháil i ndiaidh na tréimhse a chaith siad san eaglais oifigiúil.

Is é an t-ainm a thugann na hEoleolaithe Oifigiúla ar na hEoleolaithe Neamhspleácha ná squirrels - na hÍoraí Rua, agus is iomaí iarracht a rinne siad leis na híoraí rua a chur faoi chois. Is le Lárionad na Teicneolaíochta Reiligiúnaí paitinní an ghléasra a úsáideann na hiniúchóirí Eoleolaíocha (an tE-mhéadar, cuir i gcás), rud a chiallaíonn go mbíonn na hEoleolaithe oifigiúla den tuairim go bhfuil na h-"íoraí rua" ag baint mí-úsáide as téarmaí agus teicníochtaí na hEoleolaíochta. Ón taobh eile de, ní féidir reiligiún a chur faoi chóipcheart, ó bheadh sin ag teacht salach ar shaoirse an chreidimh.

Bás Hubbard agus Próis Dlí an Cult Awareness Network[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1983, bhronn Ard-Chúirt na hAstráile stádas an reiligiúin ar an Eoleolaíocht in athuair, beag beann ar na srianta a chuir údaráis na stát Astrálach léi roimhe sin. Trí bliana ina dhiaidh sin, ar an 24 Eanáir 1986, fuair Hubbard bás in aice le San Luis Obispo i gCalifornia, agus tháinig David Miscavige i gcomharbas air.

Ón mbliain 1991 ar aghaidh, thosaigh an Eoleolaíocht, nó daoine aonair a raibh baint éigin acu leis an Eoleolaíocht ag tabhairt próiseanna dlí dóibh siúd a bhí ag fáil lochta ar an gcreideamh, go háirithe an Cult Awareness Network, eagraíocht a tháinig ar an bhfód i ndeireadh na seachtóidí i ndiaidh mhórthubaiste na seicte úd Peoples Temple a rinne slua-fhéinmharú i Jonestown sa Ghuáin sa bhliain 1978. Sa bhliain 1991, d'fhoilsigh an iris úd TIME alt cuimsitheach faoin Eoleolaíocht, Scientology - The Thriving Cult of Greed and Power, agus ó bhí stiúrthóir an Cult Awareness Network, Cynthia Kisser, faoi agallamh san alt seo, dhírigh na hEoleolaithe a bhfuath ar an eagraíocht. D'éirigh le ceann de na cúiseanna dlí dochar mór a dhéanamh don CAN ó thaobh an airgid de, nó fágadh an eagraíocht báite i bhfiacha, agus sa deireadh, breithníodh an eagraíocht ina féimheach. Cheannaigh na hEoleolaithe iarsmaí na heagraíochta bancbhriste agus rinne siad a gcuid féin den CAN. Inniu, is leis na hEoleolaithe lógó agus ainm an Cult Awareness Network.

Próis Dlí Steven Fishman[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1993, chuir na hEoleolaithe an dlí ar Steven Fishman, iarbhall den eaglais. Le linn na próise, tháinig cúpla dosaen leathanach d'ábhar rúnda na nEoleolaithe chun solais, ina measc sin an scéal faoi réamhstair an chine dhaonna, a bhfuil blas an droch-cheoldráma spáis air, go háirithe an scéal faoi Xenu, an deachtóir réaltrach a chuir tús le sibhialtacht an Domhain, de réir na hEoleolaíochta. De ghnáth, ní bhfaigheadh ach téiteáin oibríocha an ardleibhéil amach faoin taobh seo den Eoleolaíocht. Chuaigh na scéalta seo ar fud an Idirlín, agus sa deireadh, ní raibh an dara rogha ag an Eaglais ach a admháil go raibh na scéalta seo ann agus gur cuid de theagasc rúnda na hEaglaise a bhí iontu.

Aitheantas don Eoleolaíocht mar Reiligiún[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1993, d'éirigh leis an Eaglais aitheantas oifigiúil a bhaint amach sna Stáit. Dhíolmhaigh na húdaráis chánach an Eaglais agus na heagraíochtaí bainteacha ón gcánachas. Dá thoradh sin, thosaigh Roinn Gnóthaí Eachtracha na Stát Aontaithe ag lochtú na Gearmáine faoin gcúngú seo ar shaoirse chreidimh na nEoleolaithe agus ag glacadh gearáin na nEoleolaithe faoi shárú na gceart daonna sa Ghearmáin i ndáiríre. Sa bhliain 1997, d'fhoilsigh na hEoleolaithe fógra leathanaigh ar an International Herald Tribune, a bhí leagtha amach mar litir oscailte chuig Helmut Kohl, Seansailéir na Gearmáine san am, agus iad ag cur "géarleanúint na nEoleolaithe" i gcomparáid le géarleanúint na nGiúdach sna 1930idí. Shínigh cuid mhaith aisteoirí agus boic mhóra eile ó Hollywood an litir sin, ina measc Goldie Hawn agus Dustin Hoffman. Is é an freagra a thug Roinn Gnóthaí Eachtracha na Stát Aontaithe agus tuarascálaí na Náisiún Aontaithe ar an litir oscailte seo go raibh leatrom agus leithcheal á dhéanamh ar na hEoleolaithe sa Ghearmáin, ach go raibh sé as compás cás na nEoleolaithe a shamhlú leis an Uileloscadh.

Sa bhliain 2000, bhronn an Iodáil aitheantas dlíthiúil ar an Eoleolaíocht mar reiligiún, agus ó shin i leith, fuair an eaglais an t-aitheantas céanna sa tSualainn, sa Spáinn, sa Phortaingéil, sa tSlóivéin, sa Chróit, san Ungáir, sa Chirgeastáin agus sa Téaváin.

Daoine Cáiliúla[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ghlac Hubbard leis ó thús go mbeadh sé tábhachtach boic mhóra agus daoine cáiliúla a earcú don Eoleolaíocht. Sa bhliain 1955, chuir sé tús le feachtas ar leith - Project Celebrity - le daoine cáiliúla a tharraingt chun Eoleolaíochta. Rinne sé liosta de na daoine cáiliúla a theastaigh uaidh le haghaidh Eaglais na hEoleolaíochta. Bhí iar-aisteoir mná na scannán gan fhuaim Gloria Swanson agus an pianódóir snagcheoil Dave Brubeck ar na daoine cáiliúla ba luaithe a chuaigh sna hEoleolaithe.

Inniu, tá aithne ar go leor aisteoirí i Hollywood agus ealaíontóirí siamsaíochta eile i Meiriceá mar Eoleolaithe. Orthu siúd tá Tom Cruise, Kirsty Alley, John Travolta, Lisa Marie Presley (iníon Elvis Presley) agus Isaac Hayes. Tá cuid mhór oibre déanta ag Tom Cruise ach go háirithe ag craobhscaoileadh an chreidimh i measc na ndaoine.

Deir na criticeoirí go dtugtar a lán pribhléidí do na daoine cáiliúla i saol na hEoleolaíochta. Is é an locht is mó a fhaightear ar an Eoleolaíocht go gcaithfidh na gnáthbhaill praghsanna as compás a íoc as cúrsaí spioradálta na heaglaise, agus is minic a chloistear an líomhain go bhfuil na daoine cáiliúla díolmhaithe ó na praghsanna seo.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. “Scientology” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-12.
  2. Pádraig Ó Mianáin, eag.: “Scientology — Aistriúchán Gaeilge ar Scientology (An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge)” (ga). An Gúm (2020). Dáta rochtana: 2023-06-12.

Naisc Sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]