Eoghan Ó hAnluain

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaEoghan Ó hAnluain
Beathaisnéis
Breith1938
Bás2012
73/74 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata

Scríbhneoir, criticeoir, agus léachtóir ab ea Eoghan Ó hAnluain (18 Eanáir 1938 - 1 Feabhra 2012).

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é an tríú mhac é de William Hanlon agus a bhean Mary (née Kelly), beirt as Contae Uíbh Fhailí, a chuir fúthu i gCearnóg Pharnell agus a d'aistrigh sna caogadaí go [Droichead na Dothra]]. D'fhreastail Eoghan ar Choláiste Mhuire, áit ina raibh sé, ní amháin ina scoláire coinsiasach, ach freisin, ina a iománaí sciliúil, a bhuaigh áit ar fhoireann shóisearach Chontae Bhaile Átha Cliath. Rinne sé céim sa nGaeilge agus sa Bhéarla i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath (1956-9) áit a raibh sé ina Reachtaire ar an gCumann Gaelach. Bhain sé Ard-Teastas san Oideachas amach sa bhliain 1960 agus Máistreacht sa Ghaeilge sa bhliain 1964). Bhí sé ina mhúinteoir meánscoile in Eochaill, Contae Chorcaí, i gColáiste N. Bhreandán i mBré agus i Scoil na mBráithre Críostaí, Sráid Synge, Baile Átha Cliath.

Sa bhliain 1966 ceapadh mar léachtóir é sa i gColáiste Phádraig, Droim Conrachagus ó 1969 go ndeachaigh sé ar scor bhí sé ina léachtóir i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath.

Filíocht an ochtú céad déag, litríocht na hAthbheochana agus an Nualitríocht na Gaeilge i gcoitinne ar na príomh réimsí spéise acadúil a bhí aige; b'údar é ar nuafhilíocht na Gaeilge agus ar Mháirtín Ó Direáin go háirithe.

Meáin chumarsáide[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tar éis bhunú Telefís Éireann, bhí baint aige leis an chlár Buntús Cainte.

Idir 1966 agus 1970 bhí sé ina eagarthóir ar Comhar, agus an‑rath ar an iris sna blianta sin. D'fhoilsigh sé go leor d'fhilí óga Innti, agus eisean a mhol dóibh a n-iris éigse féin a chur ar bun. Bí sé freisin taobh thiar d'fhoilsiú Faoistín Bhachach (1968), and an chéad bhailiúchán de chuid an fhile Pearse Hutchinson.

Idir 1973 agus 2010 chuir sé eagar ar ocht leabhar, ar a bhfuil cnuasaigh filíochta, díolaim gearrscéalta, bailiúcháin aistí (féach thíos)

Scríobh sé caibidil thábhachtacha don eagrán leasaithe de Gaelic Literature Surveyed le hAodh de Blacam (1973) agus The Field Day Anthology of Irish Writing (1990).

Cumann Merriman[cuir in eagar | athraigh foinse]

B'é Eoghan céad rúnaí an Chumainn agus b'é a bhí ina stiúrthóir ar na Scoileanna Geimhridh ón 1969-1992. Ina Chathaoirleach ar an gCumann ó 1992 go 1997. Ó 1981-2001 ina léitheoir, in éineacht le Seán Mac Réamoinn ag Cúirteanna Éigse agus ag Léamha Clabhsúir na Scoileanna; agus ó 1991-2007 ag an Scoil Samhraidh thugadh sé sraith ranganna 'Renew Your Irish.' Bhí Ding agus scéalta eile (1983), cnuasach iomráiteach le Seán Mac Mathúna, ar na leabhair a mhol sé go bhfoilseofaí.

Leabhair Uí Anluain[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Seon Ó hUaithnín''[1], An Clóchomhar, 1973 ISBN 978-1-906883-44-7
  • An Díthreabhach agus Scéalta eile as Comhar (eag.), Cló Mercier,1977
  • An Duine is Dual: aisti ar Sheán Ó Riordáin (eag.), An Clóchomhar,1980 I 891.62 O 171d
  • Máirtín Ó Direáin: Dánta 1939-1979 (eag.), An Clóchomhar, 1980
  • Léachtaí Uí Chadhain (eag.), An Clóchomhar, 1989
  • Leath na Spéire (eag.), An Clóchomhar, 1992 ISBN 978-1-906883-77-5
  • Ón Ulán Ramhar Siar: Máirtín Ó Direáin ag caint ar chúlra saoil cuid dá danta (eag.), An Clóchomhar 2002. : I 891.62 O 24o
  • Máirtín Ó Direáin - Na Dánta (eag.), An Clóchomhar/Cló Iar-Chonnachta, 2010

Le léamh[cuir in eagar | athraigh foinse]

• Ó hANLUAIN, Eoghan (1938–2012), AINM.e [1]

• Ó Caoimh, I. (2012) ‘Eoghan Ó hAnluain 1938-2012’ Comhar 72 (2), 3-4

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]