Eminem

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Eminem
Eminem performing live at dj hero party.jpg
Eminem i mbun ceoil sa bhliain 2009
Bunús Detroit, Michigan
Tír Na Stáit Aontaithe
Gníomhach 1992 – anois
Seánra(í) ceoil Hip hap
Suíomh gréasáin eminem.com

Rapcheoltóir Meiriceánach is ea Marshall Bruce Mathers (Eminem), a rugadh in Saint Joseph, Missouri i SAM ar an 17 Deireadh Fómhair 1972. Tá go leor ainm ag Eminem mar shampla: Eminem, Slim Shady agus Marshall Mathers.

Nuair a bhí sé óg d'fhág a athair eisean agus a mháthair. Suas go raibh sé 12 bhliain d'aois bhog siad ó áit go háit, mar shampla St Joseph, Savannah, Missouri, agus Cathair Kansas. Ansin d'fhan siad i Warren, Michigan, lámh le Detroit. Tá go leor albam ag Eminem, mar shampla, Relapse agus Encore. Phós sé Kim Scott sa bhliain 1999 ach bhí colscaradh acu i 2001. Phós siad arís sa bliain 2006 agus fuair siad colscaradh eile arís trí mhí ina dhiaidh sin. Bhí páiste amháin acu.

Is iad na hamhráin is fearr uaidh, b'fhéidir, ná "Lose Yourself" agus "Just Lose It" ón albam Encore. Díoladh 10 míle cóip. Bhí saol crua aige agus ní raibh mórán airgid aige ach fós tháinig sé suas chun bheith ar dhuine de na ceoltóirí is fearr.

Seo iad na halbaim ba cháiliúla atá aige: "Slimshady LP" i 1999 agus "The Marshall Mathers" i 2000 agus "The Eminem Show" sa bhliain 2002. Tá go leor cinn eile aige freisin, dhá cheann is fiche san iomlán.

Na hAmhráin[athraigh | edit source]

Lose Yourself difriúil ó na hamhráin eile atá aige mar go bhfuil sé ag caint faoina shaol féin agus céard a tharla dó suas go dtí an lá inniu. Freisin rinne sé go leor amhrán faoina chlann agus faoina chairde, nach raibh mórán airgid acu, in Detroit, an áit atá sé ina chónaí, ar nós an dá amhrán "When I'm Gone" agus "Mockingbird".

Tá roinnt albam aige freisin. Fostaíodh a albam nua, an dara Marshall Mathers LP, agus na hamhráin ar nós Berzerk, Rap God, Survival agus The Monster (le Rihanna)

Tréithe[athraigh | edit source]

Is féidir ceol Eminem a aithint mar gheall ar an mbuille difriúil sa gceol agus an chaoi a n-insíonn sé a scéal. Ní bhíonn aon uirlisí aige ina chuid amhrán ach amháin an beat box. Uaireanta bíonn a amhráin brónach ach scaití bíonn siad sásúil. Seo é scéal Eminem agus a shaol agus a cheol.

Naisc[athraigh | edit source]

Tagairtí[athraigh | edit source]