Eliezer Ben-Yehuda
Iriseoir agus teagascóir a bhí in Eliezer Ben Yehuda (Eabhrais: אֱלִיעֶזֶר בֶּן־יְהוּדָה). Rugadh leis an ainm Eliezer Isaac Perelman Elianov é in Luzhky, sa Liotuáin, ar an 7ú Eanáir 1858. Bhí ról lárnach aige in athbheochan na hEabhraise, atá ina teanga labhartha agus litríochta anois, ó thús ghluaiseacht an Haskala. Bhí sé ina eagarthóir ar nuachtán Eabhraise agus scríobh sé foclóir cáiliúil sa teanga sin.
D'éag sé in Iarúsailéim ar an 16 Nollaig 1922. Rinne sé staidéar i bpáirt le raibí ar ghramadach na teanga. Bhí sé in ann feidhmiú mar aistritheoir freisin. Bhí suim aige i leabhair de chuid scríbhneoirí a raibh an smaoineamh acu litríocht shaolta na hEabhraise a athbheochan agus go mbeadh sí ina teanga nua-aimseartha.
I 1878, chuaigh sé chun staidéar a dhéanamh ar an leigheas i bPáras, ach tar éis trí bliana stad sé dá chuid staidéir nuair a tholg sé an eitinn. In Aibreán 1879, d'fhoilsigh sé a chéad alt polaitiúil, "Ceist Shuntasach", éileamh a bhí ann aiséirí Iosrael a chur ar bun ar chríocha Iosraeil leis an Eabhrais mar theanga, mar ní raibh aon náisiún gan teanga choitianta, dar leis.
Leag Mac Yehúda an-bhéim ar labhairt na hEabhraise sa teaghlach. Bhí sé cúramach gan ach Eabhrais a labhairt leo, i ndáiríre. Mar shampla, nuair a rugadh a chéad mhac dó, dhein sé mór-iarrachtaí ionas nach gcloisfeadh an mac aon teangacha eile seachas an Eabhrais timpeall air. Tá scéal ann fiú gur thug sé amach dá bhean chéile toisc gur chan sí amhrán lena mac ina teanga dhúchais trí dhearmad. Rinne sé iarracht, tionchar a imirt ar theaghlaigh eile a bhí ina gcónaí gar dó ach is beag an rath a bhí air. Tharla athbheochan sna Kibbutzim lasmuigh d'Iarúsailéim i ndáiríre.
De réir na gcuntas, ní raibh urlabhra ag a mhac go dtí aois a cheithre bliana. Tá go leor finnscéalta ag baint le scéil Mac Yehúda agus bheadh se go deas staidéar cuimsitheach faoina bheatha a fheiceáil i nGaeilge. Scríobh Muiris Ó Laoire leabhar dar teideal "Athbheochan na hEabhraise - Ceacht don Ghaeilge" faoi athbheochan theanga na hEabhraise.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.