Eiscir Riada

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachEiscir Riada
CineálEiscir Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Limistéar riaracháinÉire Cuir in eagar ar Wikidata

Tugtar Eiscir Riada ar an tsraith droimnín idir an áit a bhfuil Baile Átha Cliath inniu agus Cuan na Gaillimhe. Fuíoll oighearshrutha a leáigh ag deireadh na hOighearaoise atá ann. In aimsir na sean-Ghael, tógadh mórbhóthar ar a dhromchla, agus An tSlí Mhór a thugtaí air. Rinne an eiscir deighilt idir Leath Choinn, a bhí lastuaidh de, agus Leath Mhogha, a bhí laisteas de.

Tá áiteanna i Leamhcán atá ainmnithe as an tsraith droimnín seo. Sreabhann an Grifín trí bhaile fearainn an Eiscir Thuaidh, a fuair a ainm ó Eiscir Riada, gné oighreach sil-leagtha a fágadh ann nuair a chúlaigh an t-oighear tar éis na hOighearaoise deireanaí. Fuair go leor logainmneacha áitiúla cosúil le foirgnimh, eastáit, bóithre agus droichid a n-ainmneacha ón ngné thíreolaíoch seo. Tá an eiscir so-aitheanta ar an talamh in aice leis na cnocáin ísle nó na hiomairí a sheasann amach ón tírdhreach réidh den till oighreach (cré bholláin) ar ar sil-leagadh é. Nochtadh an eiscir nuair a leáigh an t-oighear timpeall 10,000 bliain ó shin, agus é comhdhéanta de ghaineamh agus de ghairbhéal a tháinig ó aolchloch arna sil-leagan ag uisce a bhí ag sreabhadh faoi oighearshruth. Síneann sí soir-siar trí lár na hÉireann.

Leis na mílte bliain, bhí bealach nádúrtha le fáil ar an talamh ní b’airde trí na portaigh i lártíre na hÉireann. Tugtar `Eiscir Riada’ ar an áit (iomaire gainimh na tiomána carbaid), creidtear go bhfuil sí comhthitimeach leis “an tSlí Mhór”, a chuaigh ó Chaisleán Bhaile Átha Cliath chomh fada le Cuan na Gaillimhe. Tar éis an chatha ag Maigh Nuad sa bhliain 123 AD, bhí Eiscir Riada mar líne scartha trí Éirinn idir na tailte faoi rialú Chonn na gCéadta Cath ó thuaidh agus Eoghan Mór ó dheas.

Le linn dheireadh na Meánaoise bhí dúiche na hEascrach ar cheann de na ceithre Mhainéar Ríoga i gContae Bhaile Átha Cliath, ba mhinic a caitheadh an t-ioncam a fuarthas uathu ar chosaint na Páile, a bhí faoi rialú rialtas Shasana, "in aghaidh an Namhad Éireannaigh".

Go dtí an lá atá inniu ann, tá Eiscir Riada fós ina mhórbhealach, mar go bhfuil príomh-mhótarbhealach an M4/M6 idir Baile Átha Cliath agus Gaillimh an-ghar de. Tarlaíonn go leor gníomhaíochta talmhaíochta feadh an bhóthair go fóill, agus talamh dea-dhraenáilte de chaighdeán réasúnta maith fágtha ag an ngaineamh oighreach. Tá na heascracha ina bhfoinse luachmhar d'ábhar tógála, agus go minic baintear gaineamh agus gairbhéal astu.