Eipeatacsacht léis mhóilínigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard is eipeatacsacht léis mhóilínigh[1] ann ná bealach chun scannáin thanaí chriostalta a tháirgeadh inar féidir comhdhéanamh an scannáin a stiúradh go cúramach. Braitheann an próiseas ar oiread ar leith foinsí téite, gach ceann as dúil dhifriúil. Tagann léas adamh ó gach foinse trí sheomra folúsaithe chun imbhualadh le targaid criostalta. Stiúrtar comhdhéanamh cruinn na gcisil adamh a thógtar ar an gcriostal trí theochtaí na bhfoinsí is córas comhlaí ar rianta na léis adamh a rialú. Leis an bhfearas seo, is féidir feistí nua leathsheoltóra a dhéanamh, cosúil le hoptaic iomlánaithe agus feistí chun taighde a dhéanamh ar iarmhairt chandamach Hall.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. “molecular beam epitaxy” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-08-04.
  2. Hussey, Matt (2011). "Eipeatacsacht léis mhóilínigh". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 244.