Eipeaglotas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí AnatamaíochtEipeaglotas
Sonraí
Laidinepiglottis
Cuid delaraing
Aitheantóirí
MeSHD004825
TAA06.2.07.001
FMA55130 : il-aiseachordlathach
Acmhainní seachtracha
Grayp.1567
EB Onlinescience/epiglottis
Téarmaíocht anatamaíoch


Leathán piorra-chruthach loingeáin shnáithínigh leaistigh, leathan ar an taobh uachtarach (a luíonn díreach taobh thiar den teanga), caol ag a íochtar (mar a gceanglaíonn le cúl an loingeáin thíoróidigh), agus cumhdaithe ar a dhá dhromchla le scannán múcasach. Cuimsíonn an dromchla cúil blaslóga is faireoga múcasacha. Gluaiseann sé nuair a shlogann duine siar, agus cumhdaíonn cuid d'oscailt na larainge. Sa chuid is mó de na mamaigh, síneann sé os cionn an choguais agus isteach i bhfaraing na sróine, ionas go mbíonn sí seo leanúnach leis an laraing, ag ligean don riospráid dul ar aghaidh le linn slogtha.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Eipeaglotas". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 243.