Eintríteas ionfhabhtaíoch cat

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Galar suntasach ag cait de gach saghas, marfach go minic. Tugtar fliú cat air freisin. Víreas ón ngrúpa parvaivíreaseach is bun leis, é láidir frithsheasmhach ag maireachtáil sa chomhshaol. Bíonn cait óga an-soghonta dó, agus nuair a fhaigheann siad an t-ionfhabhtú titeann siad i meirfean is básaíonn go tapa. Sa chat aibí ionfhabhtaithe tarlaíonn titim ollmhór i líon na gceall bán sa bhfuil, ní tharlaíonn buinneach i gcónaí ach bíonn an díhiodráitiú dian, an tnáitheadh tapa is an mhortlaíocht ard. Tá vacsaín éifeachtach ann mar chosaint ina choinne, ach is gá ionaclú go rialta chun an imdhíonacht a chaomhnú.