Eimpeidicléas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Fealsamh is file Gréagach a rugadh in Akragas na Sicile ab ea Eimpeidicléas (c 490-c 430 RC). Ina scríbhinn Ar an Nádúr thug sé isteach coincheap na 4 dhúil bhuan — Cré, Uisce, Aer is Tine — chun cur síos ar an nádúr iomlán. Ghlac Arastotail leis an gcoincheap, a mhair mar fhoshraith bhuansheasmhach i smaointeoireacht an iarthair ar feadh 2,000 bliain.