Eilean Eirisgeigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Eilean Eirisgeigh: "Coilleag a' Phrionnsa", áit ar chéad leag an Prionsa Séarlas Éadbhard Stiúbhart cos ar tír na hAlban

Is oileán é Eirisgeigh sna hOileáin Siar de chuid thuaisceart na hAlban. Tá ainm an oileáin díorthaithe ón tSean-Lochlannais i gcomhair "Inis Eric". Luíonn sé idir Uibhist a Deas agus Barraigh agus é ceangailte le Uibhist a Deas le cabhsa a osclaíodh sa bhliain 2001. Sa bhliain chéanna rinneadh teirminéal farantóireachta as i gcomhair taistil idir Uibhist a Deas agus Barraigh. Taistealaíonn long fharantóireachta Caledonian MacBrayne idir Ceann a'Ghàraidh in Eirisgeigh agus Aird Mhòr i mBarraigh. Tógann an trasnú thart ar 40 nóiméad.