Eidifear

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Córas teilgthe teilifíse le scaileán mór. Tá léas leictreon taobh istigh den fheadán folúsach is é modhnaithe ag an bhfíschomhartha. Scantar an léas seo ar dhromchla ciseal ola: díchumann sé seo an dromchla, agus athraonann sé sin solas ó lampa cumhachtach. Is mar seo a chruthaítear an íomhá le teilgean ar an scáileán mór. Nuair is pictiúr daite atá i gceist, bíonn gá le 3 fheadán, gach ceann tiomnaithe do phríomhdhath, agus measctar na 3 íomhá go comhuaineach sa teilgean chun íomhá dheireanach dhaite a thaispeáint.