Edwin Morgan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaEdwin Morgan

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith27 Aibreán 1920
Glaschú, Scotland Cuir in eagar ar Wikidata
Bás17 Lúnasa 2010
90 bliana d'aois
Glaschú, Scotland Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Niúmóine)
The Scots Makar (en) Aistrigh
2004 – 2010 Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Ghlaschú
Ardscoil Stonelaw Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmteangeolaí, léirmheastóir liteartha, múinteoir ollscoile, scríbhneoir ficsean eolaíochta, scríbhneoir, file, aistritheoir, visual poet (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Ghlaschú Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
SeánraFilíocht
GluaiseachtAthbheochan na hAlban
TeangachaBéarla
Gairm mhíleata
Brainse míleataArm na Breataine
CoinbhleachtAn Dara Cogadh Domhanda
Gradam a fuarthas

Musicbrainz: 2c870d19-efa1-4e53-a703-4b633a9affd1 Discogs: 253636 Cuir in eagar ar Wikidata

File agus aistritheoir Albanach ab ea Edwin George Morgan FRSE, OBE, (Glaschú, 27 Aibreán 1920Ibidem 17 Lúnasa 2010), ceangailte leis an Athbheochan Albanach san fhichiú haois. Tá Morgan aitheanta mar dhuine de na filí Albanacha is tábhachtaí. Sa bhliain 2004, ceapadh Morgan mar an chéad "Makar",[1] nó an Príomh-Fhile Albanach.[2]

Beatha agus gairm[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Morgan i nGlaschú agus tógadh sa Ghleann Ruadh é. Ba Phreispitéirigh iad a thuismitheoirí. Mar pháiste, ní raibh mórán leabhar sa teach, agus ní raibh sé ceangailte le haon dream liteartha ach oiread. Ach bhí sé aitheanta mar scoláire díograiseach ag an scoil. Chuir sé ina luí ar a thuismitheoirí airgead a thabhairt dó chun ballraíocht a bhaint amach i gcumainn éagsúla liteartha i nGlaschú. Dúirt sé gur 'taispeánadh' é The Faber Book of Modern Verse (1963) blianta tar éis sin.

Chuaigh Morgan go hOllscoil Ghlaschú i 1937. Ba san ollscoil a d'fhoghlaim sé an Fhraincis agus an Rúisis, fad is a d'fhoghlaim sé an Ghearmáinis agus an Iodáilis freisin, as a stuaim féin. Briseadh isteach ar a chuid oideachais chun seirbhís a dhéanamh sa Dara Cogadh Domhanda mar dhiúltóir coinsiasach neamhchomhraiceach i gCór Liachta an Airm Ríoga. Bronnadh céim air i 1947 agus d'oibrigh sé mar léachtóir san ollscoil chéanna go dtí gur éirigh sé as an bpost i 1980.

Dán 'The Wood'

Rinne Morgan cur síos ar a ghnéasacht den chéad uair i Nothing Not Giving Messages: Reflections on his Work and Life (1990) agus in agallamh le Crìsdean Mac 'Ille-Bhàin. Scríobh sé go leor dánta grá cáiliúla, Strawberries agus The Unspoken ina measc, gan inscne luaite leis an leannán iontu. Cúrsaí dlí a bhí i gceist ag an am leis seo, ach, freisin, aidhmeanna coitiantachta, mar a mhínigh sé in agallamh le Marshall Mac an Fhùcadair. Ag oscailt an Ionaid LADT (Leispiach, Aerach, Déghnéasach agus Trasinscneach) Ghlaschú i 1995, léigh sé dán a scríobh sé go háirithe ar son na hócáide, agus thíolaic sé don ionad é mar bhronntanas.

I 2002, ceapadh mar phatrún Our Story Scotland é. Ag oscailt Pharlaimint na hAlban i nDún Éideann ar 9 Deireadh Fómhair 2004, léigh Liz Lochhead dán a scríobh Morgan go háirithe ar son na hócáide sin freisin. Tháinig sise i gcomharbas air mar an Príomh-Fhile Albanach in Eanáir 2011.

I ndeireadh a shaoil, fuair Morgan lucht léitheoireachta nua tar éis dó comhoibriú a dhéanamh leis an mbanna ceoil Albanach Idlewild ar an gclár The Remote Part. Ag deireadh an amhráin dheireanaigh, In Remote Part / Scottish Fiction, léigh sé an dán Scottish Fiction a bhí scríofa go háirithe don amhrán féin.

Morgan le R.D. Innes 1998

I 2007, thug sé dhá dhán don duanaire Ballads of the Book, agus scríobh mórán filí Albanacha dánta a bhí cóirithe le ceol ag ceoltóirí Albanacha. Ba iad na hamhráin le Morgan The Good Years agus The Weight of Years a sheinn Karine Polwart is Idlewild faoi seach. Thug Seamus Heaney urraim fhoirmiúil dó, mar chuid dá chuairt agus Heaney ina phríomhfhile Nobel.

Tugadh aire do Mhorgan i dteach cónaithe mar go bhfuil tinneas trom air. D'fhoilsigh sé bailiúchán darb ainm Dreams and Other Nightmares in Aibreán 2010, míonna sula bhfuair sé bás, chun comóradh a dhéanamh ar a nóchadú breithlá.[3]

Roimh a bhás, ba é an marthanóir deireanach den Seachtar Mór liteartha (ina measc, Aodh MacDiarmaid, Rabairt Garbhach, Tormod MacThaoidhg, Iain Mac a' Ghobhainn, Deòrsa Mac Iain Deòrsa is Somhairle MacGill-Eain).

Ar 17 Lúnasa 2010, fuair Edwin Morgan bás leis an niúmóine. Bhí sé nócha bliain d'aois. Scaoil Leabharlann Filíochta na hAlban an nuacht ar maidin. Thug polaiteoirí mar Alex Salmond agus Iain Gray ómós dó, chomh maith le Carole Ann Ní Dhubhthaigh, Príomh-Fhile na Ríochta Aontaithe.

i nGlaschú

Filíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'aistrigh sé ó go leor teanga eile freisin, ina measc an Rúisis, an Ungáiris, an Fhraincis, an Iodáilis, Laidin, an Spáinnis, an Phortaingéilis, an Ghearmáinis, agus Sean-Bhéarla (Béowulf). Bhí go leor acu cruinnithe i Rites of Passage: Selected Translations (1976). Is é a aistriúchán ar Beowulf an t-aistriúchán is coitianta i Meiriceá.

Bhí tionchar mór ag na filí Meiriceánacha beat ar Mhorgan, lena meon agus a gcaint shimplí oscailte mar chomhartha ina chuid oibre. Ba i 1968 a scríobh sé dán darb ainm Starlings In George Square. Léadh an dán mar thrácht ar an drogall a bhí ar an bpobal i dtaobh imeascadh na ndaoine as tíortha thar lear. Ar an lámh eile, chonaic daoine eile tagairt do Réabhlóid na Rúise agus tagairt do Stalin sna Starlings.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Makar" (as en) (2019-05-19). Wikipedia. 
  2. "The Poetry of Edwin Morgan (Scotnotes Study Guides) (Paperback) by McGonigal James" (en). Fruugo. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-08-17. Dáta rochtana: 2019-08-17.
  3. “sáigh amach an bád, cibé an aimsir”, sliocht as an dán ‘At Eighty’ le Edwin Morgan (aistrithe anseo go Gaeilge).  Déanann an dán seo ceiliúradh ar an bhfoghlaim sheasta, ar an sólás suáilceach a thugann sé don saol, agus tacaíonn sé leis an tuairim nach mbíonn daoine riamh róshean chun triail a bhaint as rud éigean nua, d’ainneoin na constaicí romhat. (2011). "Mayo County Council" (en). www.mayococo.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-05-25. Dáta rochtana: 2019-08-17.

Leabhair[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Dies Irae, 1952 - first published in Poems of Thirty Years, Carcanet New Press, 1982
  • Beowulf: A Verse Translation into Modern English, Hand and Flower Press, 1952
  • The Vision of Cathkin Braes and Other Poems, William MacLellan, 1952
  • The Cape of Good Hope (limited edition), Pound Press, 1955
  • Poems from Eugenio Montale (translator), School of Art, University of Reading, 1959
  • Sovpoems: Brecht, Neruda, Pasternak, Tsvetayeva, Mayakovsky, Martynov, Yevtushenko (translator) Migrant Press, 1961
  • Collins Albatross Book of Longer Poems (editor) Collins, 1963
  • Starryveldt Eugen Gomringer Press, 1965
  • Emergent Poems Hansjörg Mayer, 1967
  • Gnomes Akros publications, 1968
  • The Second Life Edinburgh University Press, 1968
  • Selected Poems of Sándor Weöres and Selected Poems of Ferenc Juhász (translator and introduction for Sándor Weöres) Penguin, 1970
  • The Horseman's Word: Concrete Poems Akros, 1970
  • Twelve Songs Castlelaw Press, 1970
  • Glasgow Sonnets Castlelaw Press, 1972
  • Instamatic Poems Ian McKelvie, 1972
  • Wi the haill voice: 25 poems by Vladimir Mayakovsky (translator and glossary) Carcanet, 1972
  • From Glasgow to Saturn Carcanet, 1973
  • Nuspeak8: Being a Visual Poem by Edwin Morgan Scottish Arts Council, 1973
  • The Whittrick: a Poem in Eight Dialogues Akros, 1973
  • Essays Carcanet, 1974
  • Fifty Renascence Love-Poems (translator) Whiteknights Press, 1975
  • Rites of Passage (translator), 1976
  • Edwin Morgan: an interview by Marshall Walker Akros, 1977
  • The New Divan, 1977
  • Selected poems by August Graf von Platen-Hallermünde (translator) Castlelaw Press, 1978
  • Star Gate: Science Fiction Poems ,Third Eye Centre, 1979
  • Scottish Satirical Verse (compiler) Carcanet, 1980
  • Grendel Mariscat, 1982
  • Poems of Thirty Years, Carcanet New Press, 1982
  • The Apple-Tree (modern version of a medieval Dutch play) Third Eye Centre, 1982
  • Grafts Mariscat, 1983
  • Sonnets from Scotland Mariscat, 1984
  • Selected Poems, 1985
  • From the Video Box Mariscat, 1986
  • Newspoems Wacy, 1987
  • Tales from Limerick Zoo (illustrated by David Neilson) Mariscat, 1988
  • Themes on a Variation, 1988
  • Collected Poems (republished 1996 with index), 1990
  • Crossing the Border: Essays on Scottish Literature, 1990
  • Nothing Not Giving Messages: Reflections on his Work and Life (edited by Hamish Whyte) Polygon, 1990
  • Hold Hands Among the Atoms: 70 Poems Mariscat, 1991
  • Edmond Rostand's Cyrano de Bergerac: A New Verse Translation (translator), 1992
  • Fragments by József Attila (translator) Morning Star Publications, 1992
  • MacCaig, Morgan, Lochhead: Three Scottish Poets (edited and introduced by Roderick Watson) Canongate, 1992
  • Cecilia Vicuña:PALABRARmas/WURDWAPPINschaw Morning Star Publications, 1994
  • Sweeping Out the Dark, 1994
  • Long Poems – But How Long? (W. D. Thomas Memorial Lecture) University of Wales, Swansea, 1995
  • Collected Translations, 1996
  • St. Columba: The Maker on High (translator) Mariscat, 1997
  • Virtual and Other Realities, 1997
  • Chistopher Marlowe's Dr Faustus (a new version) Canongate, 1999
  • Demon Mariscat, 1999
  • A.D.: A Trilogy of Plays on the Life of Jesus Carcanet, 2000
  • Jean Racine: Phaedra (translation of Phèdre), 2000 (Oxford-Weidenfeld Translation Prize)
  • New Selected Poems, 2000
  • Attila József: Sixty Poems (translator) Mariscat, 2001
  • Cathures, 2002
  • Love and a Life: 50 Poems by Edwin Morgan Mariscat, 2003
  • The Battle of Bannockburn (translator) SPL in association with Akros and Mariscat, 2004
  • Tales from Baron Munchausen Mariscat, 2005
  • The Play of Gilgamesh, 2005
  • Thirteen Ways of Looking at Rillie Enitharmon, 2006
  • A Book of Lives, 2007