Edwin Chargaff

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Bithcheimicí a rugadh i Chernovtsy na hÚcráine (Czernowitz na hOstaire is na hUngáire ag an am) ab ea Edwin Chargaff (1905-2002). Rinne sé taighde bunúsach ar chóimheas na mbun atá i láthair sa DNA, agus leag síos na rialacha a threoraíonn é (rialacha Chargaff). Ba bhunshraith an-tábhachtach í seo i réiteach struchtúr dé-héilicse DNA i 1953.