Edward Osborne Wilson

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
E. O. Wilson

Bitheolaí a saolaíodh i mBirmingham, Alabama is ea Edward Osborne Wilson (r. 10 Meitheamh 1929). Bhunaigh a leabhar Sociobiology: The New Synthesis (Sochbhitheolaíocht: An tSintéis Nua, 1975) ábhar nua. Leabhar cáiliúil eile uaidh is ea On Human Nature (Ar Nádúr an Duine, 1978). An saineolaí is mó ar domhan ar sheangáin atá ann. Is ollamh emeritus de chuid Ollscoil Harvard anois é agus léachtóir ag Ollscoil Duke, i gCarolina Thuaidh. Údar bisiúil é chomh maith agus tá an duais Pulitzer faighte aige faoi dhó.

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]