Edmond Halley

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Edmond Halley
Edmund Halley.gif
Portráid le Thomas Murray (t.1687)
Dáta breithe 8 Samhain, 1656
  Shoreditch, Londain, Sasana
Dáta báis 14 Eanáir, 1742
  Greenwich, Londain, Sasana
Náisiúntacht Briotanach
Réimsí Réalteolaíocht, geoifisic, matamaitic, meitéareolaíoch, agus fisic
Iomráiteach do Coiméad Halley

Réalteolaí, geoifisiceoir, matamaiticeoir, meitéareolaí agus fisiceoir Sasanach ba ea Edmond Halley (8 Samhain, 165614 Eanáir, 1742).

Beathaisnéis agus Gairmréim[athraigh | edit source]

Rugadh Halley in Haggerston, Shoreditch, Sasana, agus bhí a athair siúd ina choire gallúnaí saibhir. Thaispeáin Halley óg an-suim sa mhatamaitic. D'fhoilsigh sé páipéir ar an ghrianchóras agus ar ghrianspotaí, agus é fós ina fhochéimí.

Tar éis dó Oxford a fhágáil, sa bhliain 1676, thug sé cuairt ar San Héilin, oileán atá suite san Atlantach Theas, agus é ar intinn aige staidéar a dhéanamh ar na réaltaí sa Leathsféar Theas.