Edelweiss

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Planda ailpíneach ilbhliantúil, dúchasach do shléibhte oirdheisceart na hEorpa, den chlann chéanna leis an nóinín is an caisearbhán. Fásann sé suas le 20 cm ar airde. Na duilleoga lansa-chruthach nó spúnógchruthach, le brat dlúth gruaigí bána lomracha, leata i gcoinne an dromchla. Na bláthchinn buí/bán, eagraithe i gcrobhaingí maolcheannacha, timpeallaithe le brachtanna lomracha réaltacha bioracha ag leathadh amach.