Eascann mhuraenach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Clann mhór eascann mara, forleathan i bhfarraigí trópaiceacha is measartha teo. Na heití droma is anasacha leanúnach, gan aon eite pheilbheach ná uchtach. Na fiacla dea-fhorbartha. Is féidir leis na cineálacha is mó a bheith thar 3 m ar fhad. Tá cineál sa Mheánmhuir, an eascann mhuraenach helena atá suas le 1.3 m ar fhad, breacdhonn buí, agus an-ionsaitheach.