Eascann leictreach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Iasc mór uisce úir a fhaightear i srutháin thanaí na hOranócó is na hAmasóine i Meiriceá Theas. A cholainn sorcóireach chun tosaigh is brúite maol chun deiridh, suas le 2.4 m ar fhad. A eite thimpireach fada, gan aon eite droma, eireabaill ná peilbheach. Táirgeann sí turraing chumasach leictreach le néal a chur ar chreach, le haghaidh cosanta, agus chun seoladh in uisce moirtiúil.