Ealaín na hIodáile

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Traidisiún lárnach na healaíne Eorpaí, an fhoinse is cumasaí tionchar stíleach ar na traidisiúin go léir san Eoraip ón Meánaois dhéanach go dtí an 18ú céad. San Iodáil mheánaoiseach baineadh feidhm as tréithe clasaiceacha le haghaidh téamaí Críostaí. Bhí dealbhóireacht ársa figiúr chun tosaigh maidir le stíl is caighdeáin ar feadh 1,500 bliain. Bhí sraith ardealaíontóirí gan bhriseadh ann, ag tosú le Giotto go luath sa 14ú céad suas go dtí Canova a fuair bás i 1822. I rith na tréimhse sin ní raibh an Iodáil aontaithe, agus d'fhás ealaíona eagsúla i bhFirenze, an Róimh, Bologna, is an Veinéis.