Ealaín na Peirse

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Soitheach cré Peirseach ón 4ú mílaois

Ealaín ón Iaráin ársa, a thosaigh sa chianseanaois is ea Ealaín na Peirse. T

á potaireacht ó 4000-3000 RC atá maisithe le dearaí teibí is stílithe ainmhithe, chomh maith le dearaí cosúla i gcré-umha is ór.

Thug gabháil Alastair Mhóir (333 RC) tionchair Ghréagacha isteach, agus sa tréimhse Shasánach (224-642 AD) athbheodh na foirmeacha traidisiúnta arís.

Leis an ngabháil Arabach sa 7ú céad, tháinig foirmeacha is coincheapa Ioslamacha chun cinn le moscanna breátha, callagrafaíocht is lámhscríbhinní maisithe.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Ealaín na Peirse". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 233.