Ealaín na Fraince

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Thug an ealaín ársa sa bhFrainc tionchair Ghréagacha is Rómhánacha ón 6ú céad RC léi, agus bhí rath uirthi sa tréimhse Ghailleach-Rómhánach suas go dtí an 3ú céad RC. Sa Mheánaois bhí cáil ar ailtireacht, dealbhóireacht is gloine dhaite na n-eaglaisí is na n-ardeaglaisí cosúil leo siúd i Moissac, Saint-Denis, Chartres, agus Notre-Dame i bPáras. Tháinig coincheapa ó Athbheochan na hIodáile i bhfeidhm in ailtireacht na gcaisleán sa 16ú céad in abhantrach an Loire, na páláis ríoga i bhFontainebleau, agus an Louvre. Bhain stíl chlasaiceach na Fraince a buaic amach faoin Rí Louis XIV le péintéireacht Claude Lorrain is Poussin, agus ailtireacht Lemercier (1585-1654), Mansard is le Vau (1612-1670). San 18ú céad tháinig nuachlasaiceas David in ionad stíl Rocócó Boucher is Watteau. Sa 19ú céad tháinig na healaíontóirí cáiliúla Ingres, Courbet is Manet chun cinn. Ó lár an 19ú céad go tús an dara cogadh domhanda, glacadh le Páras mar lárionad ealaíon na hEorpa, maidir le péintéireacht ach go háirithe.