Eaglais na hÉireann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaEaglais na hÉireann
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálsainaicme creidimh
Episcopal Church (en) Aistrigh
Anglican province (en) Aistrigh
state church (en) Aistrigh (1800–1869) Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1871
Gníomhaíocht
Ball deWorld Council of Churches (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Fochomhlacht
Cuid deAn Chríostaíocht Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinireland.anglican.org Cuir in eagar ar Wikidata

Craobh de chuid na hEaglaise Críostaí, agus cúige neamhspleách den Chumann Anglacánach is ea Eaglais na hÉireann. Ordaithe ar bonn Uile Éireann, tá sí ar an dara eaglais is mó ar an oileáin, i ndiaidh na hEaglaise Caitlicí Rómhánaí. Mar an gcéanna leis na heaglaisí Anglacánacha eile, tá tréithe ón ré réamh-Reifirméisean coimeádta aici, go háirithe a polaití easpagóideach, cé go ndiúltaíonn sí príomhaíocht an Phápa. Dar le cúrsaí diagachta agus liotúirge, tá an-chuid prionsabal den Reifirméisean, ach go háírithe iad siúd ar bhain leis an Reifirméisean Sasanach. Fograítear ag an eaglais go bhfuil sí caitliceach agus Leasaithe mar an gcéanna. I measc na heaglaise, bíonn difríochta ann idir iad siúd atá níos tugtha don traidisiúin Caitliceach ("Eaglais Ard"), agus iad siúd atá níos tugtha don traidisiún Leasaithe/Protastúnach ("Eaglais Ísil"). Ar chúiseanna traidisiúnta agus stairiúla, meastar gur eaglais Protastúnach atá in Eaglais na hÉireann.

Tá an eaglais eagraithe i 422 paróiste trí 12 deoisí. Tá 350,000 míle ball ann ar fud na hÉireann, 275,000 i dTuaisceart Éireann agus 75,000 i bPoblacht na hÉireann.

Tá dhá chúige ag an eaglais, Ard Mhacha agus Baile Átha Cliath. Tugtar "Príomhach na hÉireann" ar Ardeaspag Bhaile Átha Cliath, agus "Príomhach Uile Éireann" ar Ardeaspag Ard Mhacha.

Ardeaglais Phádraig, Baile Átha Cliath

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sailtír Naomh Pádraig, bratach na hEaglaise

Bhí Eaglais na hÉireann aitheanta ag rialtas na Breataine mar eaglais oifigiúil na hÉireann ó aimsir an tAthleasú Creidimh sa 16ú haois go dtí gur díbhunaíodh í sa bhliain 1869. Ar an 26 Iúil 1869, rith Parlaimint Shasana an tAcht chun Eaglais na hÉireann a dhíbhunú

Gaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuireadh béim ó thús ar theanga na ndaoine a úsáid i searmanais agus i bpaidreacha.[1] Dá bhrí sin rinneadh aistriúchán ar Leabhar na nUrnaithe Coitianta agus ar an Tiomna Nua go Gaeilge.

Tá Leabhar na nUrnaithe Coitianta ar fáil i nGaeilge i gcónaí, agus rinne baill ghníomhacha na hEaglaise an-obair chun ábhar creidimh agus eile a sholáthar i nGaeilge ó thús. Chuir Coslett Ó Cuinn aistriúchán nua den Tiomna Nua ar fáil i 1970.

Tá cumann fá choinne na Gaeilge in Eaglais na hÉireann, Cumann Gaeilge na hEaglaise.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Eaglais na hÉireann. "An Ghaeilge agus Eaglais na hÉireann".