ECHO (An Coimisiún Eorpach)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaECHO
(en) Directorate-General for European Civil Protection and Humanitarian Aid Operations
(fr) Direction générale de la protection civile et des opérations d’aide humanitaire européennes Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Ainm gearrDG ECHO agus DG ECHO Cuir in eagar ar Wikidata
CineálArd-Stiúrthóireacht an Choimisiúin Eorpaigh Cuir in eagar ar Wikidata
Réimse oibrecúnamh daonnúil agus civil protection (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1992
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
Cuid deAn Coimisiún Eorpach Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Uimhir teileafón0080067891011 Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinec.europa.eu… Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: ec.humanitarian.aid Twitter: EU_ECHO Mastodon: EC_ECHO@social.network.europa.eu Instagram: eu_echo Youtube: UCKasAEU4v-TWrzQMlIyodKw Flickr: 69583224@N05 Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
  • Map

Is í an Roinn um Chabhair Dhaonnúil agus Cosaint Shibhialta den Choimisiún Eorpach (ECHO), ar a dtugtaí Oifig an Chomhphobail Eorpaigh um Chabhair Dhaonnúil, tráth, roinn an Choimisiúin Eorpaigh maidir le cabhair dhaonnúil agus cosaint shibhialta thar lear.

In 2013 chuir an tAontas Eorpach (AE) €1.35 billiún ar fáil le haghaidh fóirithint éigeandála trí ECHO.[1] Ba é an AE an dara bronntóir cabhrach daonnúla ba mhó gach bliain ó 2000 (tá sonraí go dtí 2012 ar fáil). I dteannta a Bhallstát, is é an bronntóir is mó cabhrach daonnúla ar domhan é agus chuir sé breis agus 50% den chabhair dhaonnúil iomlán ar fáil in 2009.[2] Déanann tionscadail a fhaigheann maoiniú ó ECHO difríocht do bhreis agus 120 milliún duine in 90 tír gach bliain.[3]

Maidir lena idirghabhálacha daonnúla, ní chuireann ECHO féin cláir chabhracha i bhfeidhm, ach maoiníonn sé oibríochtaí trí líonra de bhreis agus 200 comhpháirtí (eagraíochtaí neamhrialtasacha, gníomhaireachtaí de chuid na NA, agus eagraíochtaí idirnáisiúnta, ar nós Ghluaiseacht na Croise Deirge/an Chorráin Dheirg.[4] In 2013, bhí 44 cinn d'oifigí allamuigh ag ECHO in 39 tír, le 149 saineolaí idirnáisiúnta ar chabhair dhaonnúil agus 315 ball foirne náisiúnta. Cuireann na hoifigí allamuigh anailís chothrom le dáta ar fáil ar riachtanais atá ann anois agus ar riachtanais atá tuartha i dtír nó i réigiún ar leith, rannchuidíonn siad chun straitéisí idirghabhála a fhorbairt agus le forbairt beartais, cuireann siad tacaíocht theicniúil ar fáil d'oibríochtaí atá á maoiniú ag ECHO, agus cinntíonn siad go ndéantar monatóireacht leordhóthanach ar na hidirghabhálacha sin agus go n-éascaítear comhordú an bhronntóra ar an leibhéal allamuigh.[5]

Le cois maoiniú a chur ar fáil do chabhair dhaonnúil, tá cúram ar ECHO as Meicníocht an Aontais um Chosaint Shibhialta. In 2001 a bunaíodh an Mheicníocht, lena gcothaítear comhar i measc údarás náisiúnta um chosaint shibhialta ar fud na hEorpa. Tá 31 tír ina mbaill den Mheicníocht faoi láthair; gach ceann de 28 Ballstát an AE, mar aon leis an Íoslainn, an Iorua agus Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine. Bunaíodh an Mheicníocht chun go bhféadfadh na stáit rannpháirteacha comhar comhordaithe a chur ar fáil d'íospartaigh de bharr tubaistí nádúrtha agus tubaistí saorga san Eoraip agus in áiteanna eile.

Bronnadh Duais Síochána Nobel ar an AE in 2012, agus ghlac Coimisiún Barroso le hairgead na duaise thar ceann an AE, agus leithdháil é ar thionscnamh nua ar a dtugtar Leanaí na Síochána. Cuireadh €2 milliún nó mar sin i leataobh do thionscadail Leanaí na Síochána in 2013. Méadaíodh é go €4 mhilliún in 2014.[6]

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhunaigh an Dara Coimisiún Delors Oifig an Chomhphobail Eorpaigh um Chabhair Dhaonnúil (ECHO) i 1992. Tar éis don Chomhphobal Eorpach a bheith scortha in 2009, tosaíodh ar roinn Cabhair Dhaonnúil an Choimisiúin Eorpaigh nó an Aontais Eorpaigh a thabhairt ar an oifig, ach coimeádtar an giorrúchán ECHO a bhíodh air.

Ceapadh coimisinéir nua in 2010 agus tugadh freagracht dó as comhar idirnáisiúnta, cabhair dhaonnúil agus freagairt ar ghéarchéimeanna, faoi mar a bhí leagtha síos in airteagail 214 agus 196 de Chonradh Liospóin mar a bhfuil ról inbhuanaithe ag an gCabhair Dhaonnúil agus ag an gCosaint Shibhialta. Athraíodh ainm oifigiúil ECHO go dtí an Ard-Stiúrthóireacht um Chabhair Dhaonnúil agus Cosaint Shibhialta. Aistríodh an t-aonad Cosaint Shibhialta ó Ard-Stiúrthóireacht an Chomhshaoil chuig Ard-Stiúrthóireacht ECHO mar chuid den athrú ó bhun a rinneadh ar ECHO. Meastar gur céim mhór chun tosaigh é an t-athrú ó bhun sin i dtreo comhar agus cinnteoireacht níos fearr i réimse inar gá frithghníomhú go pras chun beatha duine a tharrtháil.

Rud eile a bunaíodh le Meicníocht um Chosaint Shibhialta an AE ab ea oscailt an Ionaid nua um Chomhordú Práinnfhreagairtí (ERCC), 'mol' cosanta sibhialta chun monatóireacht a dhéanamh ar thubaistí agus chun cur leis an ullmhacht agus leis an athléimneacht i dtíortha a bhuailtear le tubaistí go minic. Baineadh an úsáid ba dheireanaí as an meicníocht um Chosaint Shibhialta le linn tuilte sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin agus sa tSeirbia.[7]

Sainordú agus Prionsabail[cuir in eagar | athraigh foinse]

I réimse na cabhrach daonnúla, is é sainordú ECHO cabhair agus fóirithint éigeandála a chur ar fáil (i bhfoirm earraí agus seirbhísí) d'íospartaigh de bharr coimhlinte agus tubaistí nádúrtha nó saorga lasmuigh den AE. Cumhdaítear faoina shainordú cosc tubaistí agus oibríochtaí iar-ghéarchéime.

Tá cabhair dhaonnúil na hEorpa bunaithe ar phrionsabail dhaonnúla na daonnachta, na neodrachta, na neamhchlaontachta agus an neamhspleáchais. Mar sin braitheann cur i ngníomh na bprionsabal sin ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta a bheith curtha i bhfeidhm (IHL).[8]

Is éard is brí le daonnacht nach mór díriú ar fhulaingt an duine i ngach cás, agus go háirithe ar fhulaingt na ndaoine is leochailí.

Is éard is neodracht ann nach ceadmhach do dhaoine a chuireann cabhair dhaonnúil ar fáil taobhú le haon taobh i gcoimhlint faoi airm ná in aon choimhlint eile.

Is éard is brí le neamhchlaontacht nach mór cabhair dhaonnúil a chur ar fáil ar bhonn riachtanais, gan idirdhealú, agus ar an mbonn sin amháin.

Is éard is brí le neamhspleáchas go bhfuil cuspóirí daonnúla neamhspleách ar chuspóirí polaitiúla, eacnamaíocha, míleata nó eile.

In 2007, ar thionscnamh an Choimisinéara, Louis Michel, ghlac an Coimisiún Eorpach "Comhdhearcadh Eorpach ar Chabhair Dhaonnúil" mar an chéad téacs tagartha polaitiúil Eorpach i dtaca le cabhair dhaonnúil.[9] Bhí páirt ghníomhach ag eagraíochtaí neamhrialtasacha i ndréachtú an Chomhdhearcaidh Eorpaigh agus is féidir féachaint air mar "an téacs is cuimsithí agus an comhsheasamh is cruinne i dtaca le heagraíochtaí neamhrialtasacha".[10] Athdheimhníonn an Comhdhearcadh Eorpach prionsabail dhaonnúla na daonnachta, na neamhchlaontachta, na neodrachta agus an neamhspleáchais. Foráiltear ann, leis, "nach uirlis bainistíochta é an chabhair dhaonnúil chun géarchéimeanna a bhainistiú".

In 2012 rinne ECHO an chéad athmheas ar an gComhdhearcadh ó bunaíodh é, agus léiríodh an gá atá le comhpháirtíochtaí níos láidre a fhorbairt trí chomhpháirtithe a roghnú ar bhonn cáilíochta agus a chinntiú go gcuirtear feabhas ar an gcuntasacht i leith saoránach agus geallsealbhóirí.[11]

Lena chois sin, in 2012, d'oibrigh ECHO agus bronntóirí eile leis an mBuanchoiste Idirghníomhaireachta chun an Clár Oibre Claochlaitheach a chruthú. Aontaíodh prionsabail na ceannaireachta daonnúla, na cuntasachta agus an chomhordaithe chun feabhas a chur ar luas, ar éifeachtúlacht agus ar éifeachtacht na freagartha daonnúla. Lena chois sin, glacadh an chosaint shibhialta mar chuid de shainordú ECHO chun comhar agus cosaint níos fearr a chinntiú idir tríú tíortha agus tíortha réigiúnacha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta le linn tubaistí.

Reachtaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ó tháinig Conradh Liospóin i bhfeidhm, is é Airteagal 214 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a rialaíonn gníomhaíochtaí an Aontais Eorpaigh um chabhair dhaonnúil.[12] Is inniúlacht chomhthreomhar i bpáirt í an chabhair dhaonnúil: ciallaíonn sin gur beartas uathrialach é beartas an Aontais, beartas nach gcuireann bac le feidhmiú inniúlachtaí na mBallstát, agus nach ndéanann beartas atá díreach ina "chomhlánú" ar bheartas na mBallstát de bheartas an Aontais.[13]

Go dtí sin, bhí cabhair dhaonnúil bunaithe, de réir réamhshocraithe, ar Airteagal 179 de Chonradh an AE (beartas forbraíochta). Bhí sé mar chuid de phunann an Choimisinéara um Fhorbairt go dtí sin, post a bhí ag Louis Michel ar dtús agus ag Karel de Gucht ina dhiaidh sin le linn Choimisiún Barroso I. Le Conradh Liospóin, tugadh isteach an chabhair dhaonnúil mar bheartas ann féin i gConradh an AE den chéad uair.

Mar atá sainmhínithe in airteagal 214, is é aidhm oibríochtaí an AE i réimse na cabhrach daonnúla cabhair agus faoiseamh ad hoc a chur ar fáil do dhaoine i dtríú tíortha, daoine atá ina n-íospartaigh de bharr tubaistí nádúrtha nó tubaistí saorga. Athluaitear, leis, in Airteagal 214, prionsabail na cabhrach daonnúla, is iad sin meas ar an dlí idirnáisiúnta agus prionsabail na daonnachta na neamhchlaontachta, na neodrachta agus an neamh-idirdhealaithe.[14]

Rith an Coimisiún reachtaíocht nua in 2013 ar Mheicníocht um Chosaint Shibhialta an AE, ina bhforáiltear le haghaidh comhordaithe agus tacaíochta níos fearr chun na córais choiscthe, ullmhúcháin agus freagartha a dhéanamh níos éifeachtaí le linn tubaistí. Bunaíodh leis an reachtaíocht sin linn dheonach d'acmhainní agus d'ábhair freagartha réamhgheallta, líonra oiliúna le haghaidh céad fhreagróirí, agus cur chuige nua i leith bainistíocht riosca tubaiste arna ullmhú ag 31 stát rannpháirteacha.[15]

Rud eile a thugtar isteach le Conradh Liospóin ná An Cór Daonchabhrach Saorálach Eorpach (Airteagal 214 den Conradh ar fheidhmiú an AE), ar féidir le hEorpaigh, ar mian leo a bheith bainteach go díreach le gníomhaíocht daonnúil, dul isteach ann.

Saorálaithe Cabrach an AE[cuir in eagar | athraigh foinse]

Leag an Coimisiún Eorpach amach tionscnamh chun breis agus 18 000 post a chruthú do shaoránaigh ar mian leo bheith ina saorálaithe ar fud an domhain i gcásanna daonnúla idir 2014-2020. Sa tionscnamh seo, oiltear saorálaithe i dteannta a chéile i gclár oiliúna Eorpach sula n-imlonnaítear iad le heagraíochtaí daonnúla deimhnithe.[16] Aontaíodh tacaíocht airgeadais, ag díriú ar an athléimneacht agus ar acmhainn chosanta sibhialta a neartú, i gcás cúig cinn de threoirthionscadail a raibh 150 saorálach nó mar sin bainteach leo in 2012.

Vótáil Parlaimint na hEorpa (EP) ar son an tionscnaimh i bhFeabhra 2014. I measc na bpost do shaorálaithe tá imlonnú in oibríochtaí daonnúla a mhaoiníonn an AE ar fud an domhain, dul i mbun oibre in eagraíochtaí daonnúla san AE, nó cuidiú le hoibríochtaí mar obair ar líne ón mbaile.[17]

Téann eagraíochtaí neamhrialtasacha rannpháirteacha faoi phróiseas deimhnithe le cinntiú go gcomhlíonann siad na caighdeáin Eorpacha maidir le bainistíocht saorálaithe.

Buiséad[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é buiséad cabhrach ECHO in 2013 nárbh ionann fiú agus aon faoin gcéad de bhuiséad iomlán an AE. Lena chois sin, d'úsáid an Coimisiún Eorpach a gcúlchiste um chabhair éigeandála chun freagairt a thabhairt ar ghéarchéimeanna agus ar thubaistí gan choinne. Ba ionann agus €1.35 billiún an buiséad mar aon leis na cúlchistí in 2013. I dtaca le cabhair dhaonnúil, chuir ECHO cabhair dhaonnúil ar fáil do bhreis agus 124 milliún duine i 90 tír nár thíortha den AE iad, agus ar ainmníodh 39 díobh mar thíortha a bhí i ngéarchéim. I dtaca le cosaint shibhialta, gníomhachtaíodh an mheicníocht um chosaint shibhialta 36 uair in 2013 i gcás géarchéimeanna san AE agus lasmuigh de.

Caitear an sciar is mó den mhaoiniú ar bhia agus ar chothú (40%). Is iad na hearnálacha Sláinte agus Leighis (lena n-áirítear tacaíocht síceashóisialta) (13%), Uisce agus Sláinteachais (13%), Dídine (19%) agus Cosanta (7%) na príomhréimsí gníomhaíochta eile. Leithdháil ECHO 3% de bhuiséad 2013 ar ullmhacht maidir le tubaistí, ar laghdú é sin ar bhuiséad 2012. Caitheadh 2% den bhuiséad ar chosaint shibhialta.

In 2013, caitheadh 40% den bhuiséad ar thíortha san Afraic agus 18% ar thíortha san Áise, i Meiriceá Laidineach, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin, agus 32% ar thíortha sa Mheánoirthear agus sa Mheánmhuir.[18]

Caitheadh níos mó ar chúnamh forbraíochta in 2010 ná riamh roimhe sin. Nuair a shuimítear é leis an gcabhair a thugann ballstáit aonair, is é an tAontas an bronntóir cabhrach is mó ar domhan. Den €9.8 mbilliún de chabhair dhaonnúil a cuireadh ar fáil ar fud an domhain in 2010, ba é an AE a chuir 41% di ar fáil.[19]

Gealltar €1 billiún nach mór do chabhair dhaonnúil agus do chosaint shibhialta sa bhuiséad a glacadh le haghaidh 2014.[20]

Straitéis[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá sainordú ag ECHO an bheatha a tharrtháil agus a chaomhnú in éigeandálaí agus sa tréimhse ama go gairid tar éis éigeandálaí, cibé éigeandálaí nádúrtha nó saorga iad. De réir na bprionsabal sin, ní mór don Choimisiún doiciméad straitéise a ullmhú gach bliain chun comhordú agus clárú éifeachtach cuí a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí agus an chabhair a chur ar fáil go neamhchlaon agus de réir riachtanas.

In 2013, bheartaigh ECHO a chabhair dhaonnúil a dhíriú in 90 tír, nach mór. Ba iad na cúig oibríocht dhaonnúla ba mhó a aithníodh: réigiún Saiheil in Iarthar na hAfraice, lena n-áirítear freagairtí breise ar an gcoimhlint i Mailí (€82 milliún), an tSúdáin agus Deisceart na Súdáine (€80 milliún), Poblacht Dhaonlathach an Chongó (€54 milliún),an Phacastáin (€42 milliún) agus an tSomáil (€40 milliún). Lena chois sin, cuirtear 40% de chabhair dhaonnúil ECHO i leataobh le caitheamh san Afraic fho-Shahára.[21]

Úsáideadh an buiséad cúlchiste chun freagairt a thabhairt ar mhór-ghéarchéimeanna daonnúla sa tSiria, i Mailí, i Saiheil, i nDeisceart na Súdáine, i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó, i Maenmar agus na hOileáin Fhilipíneacha. Lena chois sin, cuireann ECHO maoiniú ar fáil do thíortha a bhí i ngéarchéim tráth, ach a bhfuil dearmad déanta ag an domhan orthu anois, m.sh. an Bhanglaidéis, an Cholóim, Éimin, an Ailgéir, an Phacastáin agus Maenmar.

Tuairim an phobail[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nochtadh i suirbhé speisialta Eorabharaiméadair, a seoladh in 2012, go bhfuil braistint láidir dlúthpháirtíochta ag saoránaigh Eorpacha i leith íospartach de bharr coimhlintí agus tubaistí nádúrtha lasmuigh dá dteorainneacha féin, agus gur mheas naonúr as gach deichniúr saoránach "gur den tábhacht é go maoineodh an AE cabhair dhaonnúil lasmuigh dá theorainneacha féin" agus go gcreideann ochtar as gach deichniúr "go mbíonn bearta cosanta sibhialta a chomhordaítear ar leibhéal an AE níos éifeachtaí ná bearta tíortha aonair".[22]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. ECHO Humanitarian Aid Factsheet 2013 [1]
  2. Global Humanitarian Assistance website [2]
  3. ECHO Annual Report 2012 [3]
  4. European Parliament Factsheet on the European Union: Humanitarian Aid [http:/ / www. europarl. europa. eu/ ftu/ pdf/ en/ FTU_6. 5. 3. pdf]
  5. ECHO Field Network [4], ECHO, retrieved 29-07-2014.
  6. EU dedicates its Nobel Peace Prize to Education projects for Children in Conflict. Retrieved 27-06-14.
  7. EU Civil Protection [5] Retrieved 23-07-2014.
  8. Summaries of the EU legislation [6]
  9. European consensus on humanitarian aid, [7], Retrieved 2014-07-03
  10. Pierre Salignon, "L'Europe humanitaire en question(s)" [8], Humanitaire, 19, Été 2008. 2009-10-23. Retrieved on 2012-01-16
  11. Annual Report on the Implementation of the European Consensus on Humanitarian Aid – 2012 [9]
  12. Treaty on the functioning of the European Union, [10]
  13. Conradh Liospóin: Ceisteanna agus freagraí, [11] Curtha i gcartlann 2014-10-17 ar an Wayback Machine
  14. European Parliament Factsheet on the European Union: Humanitarian Aid 5. 3.pdf
  15. Trend, Eastern Partnership countries to gather for civil protection meeting, 10-06-14. Retrieved 27-06-14.
  16. EU Aid Volunteers: Commission proposes new global humanitarian initiative [12]
  17. New EU aid volunteers program to make a 'concrete, positive difference' [13], Richard Jones, Devex. 2014-02-26. Retrieved 2014-06-23
  18. ECHO 2013 Annual Report [14]
  19. ECHO, ECHO's finances
  20. ECHO, Humanitarian aid and civil protection – 2014 Adopted budget
  21. Where the European Commission's humanitarian aid will go in 2013 [15],10-01-2013. Retrieved 27-06-2014.
  22. Eurobarometer survey on humanitarian aid: Europeans care – and endorse the Commission's mandate [16], European Commission. 2012. Retrieved 23-07-2014