Duán ceannchosach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Planda ilbhliantúil, go minic le daithín corcra nó cré-umha, dúchasach do chreasa measartha sa leathsféar thuaidh agus an Astráil. Fasann an gas suas le 30 cm ar airde, cearnach i dtrasghearradh, díreach in airde nó ag leathadh. Na duilleoga ubhchruthach i bpéirí urchomhaireacha. Na bláthanna déliopach vialait/gorm, i bhfáinní bailithe, ag cumadh spíce thiubh fhoirceannta. Luibh leighis sa sean-am.