Drosophila

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Speiceas cuil torthaí scothdhonnbhuí, de réir cineáil, le súile dearga. Beireann sí na huibheacha gar do thorthaí coipthe, agus itheann na larbhaí iad seo. Timpeall 2,600 speiceas ann, cuid acu ina lotnaidí suntasacha ar thorthaí. Thar na blianta rinneadh dianstaidéar ar struchtúr a gcrómasóm is a ngéinitic, agus foghlaimíodh an-chuid mar gheall ar an ngéinitic go ginearálta ón saothar seo.