Droim Leathan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Droim Leathain)
Bosca Geografaíocht PholaitiúilDroim Leathan

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 54°03′26″N 7°28′41″W / 54.0572°N 7.4781°W / 54.0572; -7.4781
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Uladh
Contae in ÉirinnContae an Chabháin
Áit lonnaitheBaile an Mhuilinn Cuir in eagar ar Wikidata
Logainm.ie1166042

Is baile suite i gContae an Chabháin é Droim Leathan[1] (nó Drumlane).[2]

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba shuíomh tábhachtach séipéil é Droim Leathan agus baint aige le Naomh Aodhán nó Maedhóg, a raibh baint freisin aige le Fearna, Co. Loch Garman.[3] Le linn an 12ú haois, tháinig sé chun a bheith ina theach do chanónaigh Agaistíneacha.

I measc na struchtúr atá fós ina seasamh tá cloigtheach agus séipéal meánaoiseach. Is ó dheireadh an 11ú haois nó tús an 12ú haois an cloigtheach.

Tá an méid atá fágtha de 11.5m ar airde agus tá sé tógtha le dhá chineál éagsúil saoirseacht chloiche. Tógadh an bonn go maith le bloic chearnógacha, ach tógadh an chuid eile de le spallaí.

B'fhéidir nach raibh anseo ach iarracht chun airgead a shábháil thar ceann na dtógálaithe tar éis breathnú ar chostas an bhoinn.

Tógadh foirgneamh mór meánaoiseach ar an suíomh ar a mbíodh séipéal níos luaithe agus níor fágadh aon rian den séipéal sin. Is ón 13ú haois an doras thiar, ach atógadh é sa 15ú haois nuair a cuireadh cloigeann snoite d'easpag leis. Tá cloigeann snoite eile os cionn an dorais ó dheas, agus trí cinn eile os cionn na fuinneoige thoir taobh amuigh.

Ba áit adhlactha do na tiarnaí áitiúla Gaelacha, muintir Uí Raghallaigh, a bhíodh i nDroim Leathan ag deireadh na meánaoise. Is ón tréimhse seo fothraigh na n-almóirí tuama sa séipéal.

Coinníodh scrín mhaisithe mhiotail, ar a dtugtaí Breac Maedhóg, anseo sna meánaoiseanna agus bhíodh taisí de roinnt naomh ann, Maedhóg san áireamh. (Tá an scrín anois in Ard-Mhúsaem na hÉireann).[3]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Droim Leathan/Drumlane | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
  2. "Droim Leathan/Drumlane" (ga). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2021-11-10.
  3. 3.0 3.1 archaeology.ie (2009). "Droim Leathan". Dáta rochtana: 2021.