Draganchrann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Crann síorghlas, dúchasach do na hOileáin Chanáracha is Maidéara. Na géaga gearr ramhar, ag iompar crobhaingí duilleog scothliath nó scothghorm claíomhchruthach ag a gcinn. Na bláthanna beag scothghlas/bán. Na caora flannbhuí. Tugtar fuil an dragain ar an roisín a easbhrúnn an stoc, agus úsáidtear i vearnais é.