Dragainéad

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Iasc domhainuisce le colainn chaol, cosúil le nathair. Suas le 40 cm ar fhad. An ceann gearr le béal an-fhada, ag iompar fiacla géill, cosúil le goineoga. Orgáin solais i línte ar thaobh íochtarach na colainne, taobh thiar de na súile, agus ar bharbal fada ón smig, a fheidhmíonn mar bhaoite chun creach a aomadh.