Doulton

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Comhlacht a thosaigh ag déanamh crocaí simléir is maisiúcháin mhóra ailtireachta i Londain ag tús an 19ú céad. Ó timpeall 1862 ba phríomhdhéantóirí cré-earraí ealaíonta iad, agus cáil orthu as a n-earraí cruachré is a gcré-earraí maisithe, a bhfigiúir, a bpainéil mhaisithe, is a dtílí. Rinne siad lear mór earraí sláintíochta freisin.