Dothráicis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Dothráicis (Dothraki)
(Lekh Dothraki)
Á labhairt:
Cainteoirí san Iomlán: Teanga fhicseanúil, cainteoir ar bith.
Líne ghinealaigh:
Stádas Oifigiúil
Foras Pleanála Teanga:
Cóid teangeolaíocha
ISO 639-1
ISO 639-2
ISO 639-3 [1]
Amharc ar: TeangaLiosta Teangacha

Is é an Dothráicis teanga chumtha na nDothráiceach, áitritheoirí dúchais ficseanúla na Mara Dothráicí i sraith úrscéalta fantaisíochta Fonn Oighir agus Tine (nó A Song of Ice an Fire mar a thugtar uirthi as Béarla) de chuid George R. R. Martin, agus ina hathchóiriú teilifíse Cluiche RíchathaoireachaGame of Thrones. Chruthaigh David J. Peterson an teanga don sraith Teilifíse bunaithe ar na focail agus frásaí Dothráicise in úrscéalta Martin.

Faoi Mheán Fómhair 2011, bhí 3,163 fhocal sa teanga, cé nach raibh siad ar fad curtha ar fáil go poiblí faoin am sin. Sa bhliain 2012, tugadh an t-ainm "Khaleesi" (foghraithe chal-Í-saoi, cé gur cruathaíodh an focal le béim ar an gcéad shiolla) do 146 cailíní nuabheirthe i SAM, 'sé sin an téarma Dothráicise do bhean khalrialóir, agus an teideal glactha sa sraith ag an bpríomhcharachtar Danaeras Tairgéirian.

Forbairt[athraigh | edit source]

Chruthaigh Peterson foclóir na Dothráicise i bhfad roimh an athchóirithe. D'fhostaigh HBO Cumann Cruthú Teanga (Language Creation Society) chun an teanga a chruthú, agus i ndiaidh próiséas iarratais lena raibh breis is tríocha cumhthóirí teanga bainteach, roghnaiodh David Peterson chun an Dothráicis a chruthú. Sheachaid sé breis is 1700 focal do HBO roimh an scannánú tosaigh. Fuair Peterson inspioráid ó chur síos George R. R. Martin ar an teanga ina leabhair, ach ina theannta sin, ó teangacha ar nós an Rúisis, an Eastóinis, Ionúitis Cheanada agus ón Svahaílis. Bhí David J. Peterson agus forbairt na Dothráicise léirithe ar eipeasóid 8ú Aibreán, 2012 The Next List de chuid CNN. Lean sé ar aghaidh chun na Teangacha Vailírise a chruthú dón tríú shéasúr in Game of Thrones

Cosc teanga[athraigh | edit source]

Bhí dhá phríomh-bhac i bhforbairt na Dothráicise. Ar an gcéad dul síos, bhí ar an teanga aithis díreach a dhéanamh ar na téarmaí cheanna féin curtha le pár sna leabhair. Chomh maith le sin, bhí uirthi foghraíocht simplí nó sofhoghlamtha do na haisteoirí a bheith aici. Bhí tionchar mór acu seo ar ghramadach agus ar fhoghareolaíocht na teanga.

Foghareolaíocht agus rómhánú[athraigh | edit source]

Deir David Peterson "Tá a fhios agat, is dócha nach bhfuil a fhios ag formhór na ndaoine conas mar a fhuaimnítear an Araibis, mar sin, don té aineolach, b'fhéidir go gcloiseann sí cosúil leis an Araibid. Ach don té a bhfuil aithne aige ar an Araibis, ní chloiseann sí. Táimse den tuairim gur meascán idir an Araibis (gan na faraingeacha sainiúla) agus an Spáinnis, i ngeall ar na consain déadacha."

Dála an ortagrafaíocht, níl córas scíofa ag na Dothráicigh iad féin; ná mar a bhfuil ag na pobail mórthimpeall (m.sh. na Lazairínigh). Dá mbeadh aon shampla Dothráicise le bheith scríofa i gcruinne Fonn Oighir agus Tine, bheadh an córas forbaithe sna Cathracha Saoire agus oiriúnaithe don Dothráicis, nó in áit éiginn ar nós Ghis nó Qarth, a bhfuil córais scríofa acu.

Consain[athraigh | edit source]

Tá trí fhoinéim chonsain is fichid as Dothráicis. Tugtar an foirm rómhánaithe thíos ar chlé, agus an AFI idir lúibíní.

Liopach Déadach Ailbheolach Iarailbheolach Coguasach Sine Siain Glotasach
Pléascach t [t̪] k [k] q [q]
Pléascach glórtha d [d̪] g [ɡ]
Aifricéad ch [tʃ]
Aifricéad glórtha j [dʒ]
Cuimilteach gan Glór f [f] th [θ] s [s] sh [ʃ] kh [x] h [h]
Cuimilteach Glórtha v [v] z [z] zh [ʒ]
Srónach m [m] n [n̪]
Taobhach l [l̪]
Tríleach r [r]
Plab r [ɾ]
Sleamhnóg airgid w [w] y [j]

Is cuimilteach ar fad iad na délitreacha kh, sh, th agus zh, agus is aifricéid iad ch agus j.

Níl na litreacha cx le fáil as Dothráicis, cé go bhfeictear c sa délitir ch, foghraithe mar an t i 'teas' canúint Connachta agus canúint Ulaidh. Feictear b agus p go príomhúil in ainmneacha, ar nós Bharbo agus Pono.

Gutaí[athraigh | edit source]

Tá córas ceithre ghuta as Dothráicis, feicthe thíos:

Gutaí Défhoghair
i [i] iy [ij]
e [e] ey [ej]
o [o] oy [oj]
a [a] ay [aj]

I leabhair Fonn Oighir agus Tine, ní fheictear u mar ghuta, scríofa ach amháin i ndiaidh "q", agus in ainmneacha ach amháin, ar nós Jhiqui agus Quaro. I gcás sraithe le meascán gutaí, seasann gach aon ghuta do shiolla aonair. Samplaí shierak [ʃi.e.ˈɾak] réalta, rhaesh [ɾha.ˈeʃ] tír, khaleesi [ˈxa.l̪e.e.si] banríon.

Gramadach[athraigh | edit source]

Is é ainmhí-briathar-cuspóir bun-ord na bhfocal. In abairt ainmhfocail tagann taispeántaigh ar dtús, ach leanann aidiachtaí, frásaí seilbhe agus frásaí réamhfhocail an t-ainmfhocal:

rakh haj buachaill láidir (rakh buachaill, haj láidir)
alegra ivezh lacha fhiáin (alegra lacha, ivezh fiáin)
jin arakh an arakh seo (jin seo, arakh arakh (cineál lainne))
rek hrakkares an leon sin (rek sin, hrakkares leon)

Cé go n-úsáidtear réamhfhocail ar uairibh, baineann an teanga leas as infhillteacha don chuid is mó. Úsáidtear rémíreanna, iarmhíreanna agus cuarmhíreanna. Réimnítear briathra san infinideach, san aimsir chaite, san aimsir láithreach, san aimsir fháistineach, i ndá mhodh ordaitheach agus i ranghabháil (ársa); chomh maith le sin, aontaíonn siad de réir pearsa, uimhir agus polaraíocht. Dealraítear ainmhfhocail i ndá aicme, neamhbheo agus beo. Díchlaontar iad i gcúig tuiseal; an tuiseal ainmneach, an tuiseal áinsíoch, an tuiseal ginideach, an tuiseal olaíoch agus an tuiseal ochslaíoch. Díchlaontar ainmfhocail beo de réir a n-uimhir.

Ord na bhFocal[athraigh | edit source]

In abairt bunúsach, tagann an tAinmhí (A) i dtosach, ansin tagann an Briathar (B), ansin tagann an Cuspóir (C). Seo sampla:

Khal ahhas arakh.
An Khal(A) ghéaraigh sé (B) an arakh (C).
Ghéaraigh an Khal an arakh.

Nuair nach bhfuil ach an t-ainmhí i láthair san abairt, tagann an t-ainmhí roimh an mbriathar:

Arakh hasa.
An arakh (A) tá sé géar (B).
Tá an arakh géar.

In abairtí ainmhfocail tá ord ar leith chomh maith i gceist. Is é seo a leannas an t-ord: taispeántach, ainmfhocal, dobhriathar, aidiacht, ainmhfhocal ginideach, réamhfhocal. Tagann réamhfhocail roimh a n-ainmnfhocail comhlánacha i gcónaí.

jin ave sekke verven anni m'orvikoon
seo athair an-foréigneach agamsa le.fuip
an t-athair an-foréigneach seo agamsa le fuip

Sampla[athraigh | edit source]

Nevakhi vekha ha maan: Rekke, m'aresakea norethi fitte.
/ˈn̪evaxi ˈvexa ha maˈan̪ ˈrekːe ˈmaɾesakea ˈn̪oɾeθi ˈfit̪ːe/
cathaoir (ginideach). tá sé ann (3ú phearsa. láithreach). dó (3ú phearsa) ansin (áinsíoch) le. cladhairí (iolra) gruaig (ginideach) . gearr.
Tá áit dó: Ansin, leis na cladhairí le gruaig ghearr.

Nascanna sheachtracha[athraigh | edit source]