Donato Bramante

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ailtire is péintéir a rugadh gar d'Urbino na hIodáile ab ea Donato Bramante (Donato di Pascuccio d'Antonio, c 1444-1514). Leag sé amach an scéim chun an Vatacáin is baisleac Pheadair a athchóiriú (1505-1506). Tionchar láidir aige ar ailtireacht na hAthbheochana san Iodáil.