Donald Caskie

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ba mhinistir de chuid Eaglais na hAlban ar an Íle, Earra-Gháidheal agus Bód, é Donald Caskie (22 Bealtaine 190227 Nollaig 1983). Le linn an Dara Cogadh Domhanda chuidigh sé le cúpla míle saighdiúir de chuid na gComhghuaillithe éalú as an bhFrainc, a bhí faoi rialtas Vichy agus na nGearmánach, go Sasana. Gabhadh é dhá uair agus ar an dara ócáid, daoradh chun báis é. Cuireadh an breithiúnas sin ar ceal, áfach. D'fhan sé sa Fhrainc go dtí 1961, agus ansin d'fhill sé go hAlbain.