Domhnall Mac Murchadha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Bhí Domhnall Mac Murchadha (a fuair bás 29 Samhain 763), ar a dtugtar 'Domnnall na Mí', ina Ard Rí Éirinn ar Éirinn san ochtú céad. Bhain sé le chraobh Chlann Cholmáin Uí Néill. Bhí ceannasach bainte amach ag Clann Cholmáin i measc Uí Néill an Deiscirt, a bheadh acu go dtí gur bhain Brian Bóruma cumhacht amach i ndeisceart na tíre.

Bhí Domhnall ina thaoiseach ar Chlann Cholmáin ar feadh beagnach caoga bliain, agus Ard-Rí na hÉireann ar feadh fiche. In ainneoin seo, agus a thábhacht mar rí, is annamh na tuarascálacha a faightear sna hAnnála faoi a chuid gníomhaíochtaí. Bhí sé ina phátrún ar eaglaisí Cholm Cille, i nDarú ach go háirithe , áit a bhfuil sé curtha.