Dolores Ní Ríordáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Dolores O'Riordan

Is ámhránaí Éireannach í Dolores Ní Ríordáin (Rugadh 1971) a scríonn an-chuid dá hamhráin. Ba bhreitheamh í an The Voice of Ireland.

Óige[athraigh | edit source]

Rugadh Dolores ar an 6ú Meán Fómhair 1971 i mBaile Bricín, Contae Luimnigh, an páiste ab óige i gclann seachtair. B’fheirmeoirí iad a muintir. Baisteadh mar Chaitliceach í agus bhí mór-thionchar ag a creidimh uirthi agus í ag fás suas.

Chuaigh sí ar an mbunscoil i gCathair Éile agus ar meánscoil Cnoc Na Labhrás i gCathair Luimnigh.

The Cranberries[athraigh | edit source]

Bhunaigh na deátharacha Maidhc agus Nollaig Ó hÓgáin as Luimneach agus Feargal Ó Leathlobhair ón bPáirtín, Contae an Chláir The Cranberries Saw Us sa bhlian 1989 ach d'fhág an príomh-amhránaí Niall Ó Cuinn an grúpa sa bhlian dár gcionn. Ba chara chailín an Chuinnigh í Dolores agus bhuaigh sí trial i gcomhair príomh-amhránaí nua mar chomharba air. Tar éis iad a gcéad albam “Everybody Else Is Doing It, So Why Can't We?” a chur amach sa bhliain 1993, ghearr an grúpa an t-ainm go dti The Cranberries.

Cé go raibh leanúint láidir ag an mbuíon i Luimneach ar dtús, ba i Meiriceá a bhain said mór-chlú amach, go mór mór ar chúrsa na nollscoileanna. Dhíol an chéad albam go láidir ar dhá bhruach an Atlantaigh agus d’fhoilsigh siad ceithre albam eile ina dhiaidh, "No Need to Argue" (1994), "To the Faithful Departed" (1996), "Bury the Hatchet" (1999) agus "Wake Up and Smell the Coffee" (2001) chomh maith leis an mbailiúcháin “Stars - The Best of 1992 – 2002” (1992).

Is deartháir léi PS Ó Ríordáin, bainisteoir na gCranberries.

I nDiaidh na gCranberries[athraigh | edit source]

Cé nár bhriseadar suas riamh go h-oifigiúil, chan na Cranberries le chéile don uair dheireannach sa bhliain 2003 agus lean na baill a spéiseanna peársanta féin.

Chan sí an t-amhrán “Pure Love” leis an Iodálach Zucchero ar an albam “Zu & Co” (2004) agus sa bhliain céanna d’oibrigh sí leis an gcumadóir Angelo Badalamenti ar fhuaimrian an scannáin “Evilenko” .

Chan sí “Mirror Lover” ar albam “Tripomatic Fairytales 3003” le Jam & Spoon.

Chuir sí a céad albam aonair “Are You Listening?” amach i mí Bealtaine na bliana 2007.

Saol Pearsanta[athraigh | edit source]

Tá Dolores pósta leis an gCeanadach Don Burton, iar-bhainisteoir an ghrúpa Sasanach Duran Duran. Tá triúr clainne (Taylor, Molly agus Dakota) aici agus leas-mhac (Donnie). Tá cónaí orthu i mBinn Éadair, Contae Átha Cliath. Chomh maith le sin, tá caibín adhmaid aici in Ontario, Ceanada, graí capaill i gCill Mocheallóg, Contae Luimnigh, agus villa saoire i mBenissa na Spáinne.