Dlíthe Kepler

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Johannes Kepler.

Sa réalteolaíocht, déanann Dlíthe Kepler cur síos ar na príomh-airíonna a bhaineann le ghluaisní na bpláinéad timpeall na gréine, ach gan iad a léiriú dúinn.[1] D'aimsigh Johannes Kepler na dlíthe seo agus é ag staidéir na hoibre a bhí déanta roimhe sin ag an réalteolaí agus ailceimiceoir Tycho Brahe.

Fionnachtana[cuir in eagar | athraigh foinse]

Téann na pláinéid i bhfithisí éilipseacha thart ar an ngrian, agus an ghrian ag fócas amháin den éilips.[2] Sciurdann an líne idir an pláinéad is an grian thar an bhfairsinge chéanna i ngach tréimhse chéanna ama (mar sin, nuair a bhíonn an pláinéad i bhfad amach ón ngrian, bíonn sé ag gluaiseacht níos moille ná nuair a bhíonn sé gar di).

Bíonn an meánfhad idir an pláinéad is an ghrian ciúbaithe i gcomhréir le cearnóg an tréimhse ama i gcomhair fithis iornlán den phláinéad (mar sin, is tairiseach an cóimheas idir ciúb mheánfhad aon phláinéid ón ngrian agus ceamóg a thréimhse timpeall na gréine).

Trí Dlíthe Kepler[cuir in eagar | athraigh foinse]

An Chéad Dlí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fíor 1:Pláinéid ag dul thart timpeall an ghrianchórais i bhfithis eilipseach.

Is i bhfithisí eilipseacha a théann pláinéid timpeall an ghrianchórais s'againne agus is í an ghrian fócas na n-éilipsí.(Fíor 1)

An Dara Dlí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fíor 2. An Dara Dlí:: Is ionann gach eatramh agus agus 5% de pheiriaid

Scuabann líne dhíreach idir pláinéad agus an ghrian an t-achar céanna, de réir an aonaid ama a bhíonn i gceist.

Mar gheall ar sin, nuair a bhíonn pláinéad i bhfad amach ón ngrian, is moille a bhíonn sé ag gluaiseacht ná mar a bhíonn agus é i ngaireacht don ghrian.(Fíor 2)

An Tríú Dlí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sular tháinig Newton ar Dhlí na hImtharraingthe, tuigeadh go raibh cearnóg pheiriad na fithise i gcóimhréir dhíreach le ciúb gha na fithise, maidir leis an nGealach agus na pláinéid. An Tríú Dlí Kepler a tugadh air sin.

Maidir leis an meánfhad idir an phláinéad agus an ghriain agus an peiriad fithiseach nó an t-achar ama a thógann sé ar phláinéad fithis iomlán a dhéanamh, bíonn ciúbú an mheánfhaid i gcomhréir le ceathrú am achar ama.

Go siombalach:

nuair is peiriad fithiseach an phláinéid agus ais leathmhór na fithise.

Tionchar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Newton in ann a léiriú gur lean An Tríú Dlí go matamaiticiúil óna Dhlí Imtharraingthe féin – rud a thaispeáin go raibh gach seans ann go raibh a Dhlí féin ceart.[3]

Ansin rinne Newton amach teoiric na hImtharraingthe ó réamhobair Bhrahe agus Kepler. Mar a dúirt Newton féin, "Más rud é go bhfaca mé níos faide, rinneas é trí sheasamh ar ghuaillí fathach." Lean coincheapanna Newton mar chroílár na heolaíochta ar feadh 300 bliain.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Dan O'Regan. Fisic don Ré Nua. ISBN: 978-1-85791-749-9[3]
  • Kepler do Mhuinteoirí (JCT)[4]
  • Ciclipéid na hOllchruinne: Cóiméad - D
  • University of Tennessee's Dept. Physics & Astronomy: Astronomy 161 page on Johannes Kepler: The Laws of Planetary Motion

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Blag Nua Gaeilge: Ciclipéid na hOllchruinne: Cóiméad - D". Blag Nua Gaeilge (2019-06-13). Dáta rochtana: 2020-11-15.
  2. Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais" Coiscéim. 
  3. 3.0 3.1 Dan O'Regan. ISBN: 978-1-85791-749-9 (2011). "Fisic don Ré Nua". Dáta rochtana: 2020.
  4. jct.ie. "Kepler do Mhuinteoirí". Dáta rochtana: 2020.