Dlí Gay-Lussac

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Faoin choinníollacha caighdeánacha teochta agus brú, táirgeoidh imoibriú idir trí mhéadar ciúbach den ghás hidrigine agus méadar ciúbach de ghás nítrigine timpeall dhá mhéadar ciúbach amóinia

Rinne an ceimiceoir Francach Louis Joseph Gay-Lussac taighde ar an ngaol idir toirteanna na n-imoibriúchán gásach agus toirteanna na ngás ba thoradh orthu faoi na coinníollacha céanna brú agus teochta. Thug toradh a chuid taighde ar Louis Joseph an 'Dlí um Thoirteanna Cuingreacha' a thionscnamh.

Dlí um Thoirteanna Cuingreacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Deir an dlí seo, go mbíonn toirteanna na ngás a imoibríonn agus toirteanna na ngás a ghintear i gcoibhneasa simplí slánuimhreacha le chéile (nuair a thomhaistear na toirteanna ag an mbrú agus ag an teocht chéanna). Mar shampla, fuair Gay-Lussac amach go n-imoibreodh 2 thoirt hidrigine agus 1 toirt ocsaigine lena chéile agus go mbeadh 1 toirt gaile mar thoradh air.

Ag éirí as thorthaí Gay-Lussac, thug Amedeo Avogadro le fios mar hipitéis go mbeadh an uimhir chéanna se mhionbhair (adaimh nó móilíní) i gcomhthoirteanna de ghais éagsúla cibé acu dúile nó comhdhíole iad, faoi na coinníollacha céanna teochta agus brú. Chiallaigh sé sin gur féidir an toradh thuas luaite cheana féin

2 thoirt hidrigine agus 1 toirt ocsaigine = 1 toirt gaile

a bheith scríofa mar

2 mhóilíní Hidrigine + 1 móilín ocsaigine = 1 móilín uisce.

Foilsíodh Dlí Gay-Lussac sa bhliain 1808. Níor ghlacadh go forleathan ar dtús le Hipitéis Avogadro, áfach, go dtí go raibh an ceimiceoir Iodálach Stanislao Cannizzaro ábalta bailíocht na hipitéise a chur ina luí ar dhomhan na heolaíochta ag an Chéad Comhdháil Idirnáisiúnta Cheimiceach sa bhliain 1860.