Dlí Coiteann
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is éard atá i gceist leis an Dlí Coiteann ná córas dlí a chuireann an bhéim is mó ar chleachtas na gcúirteanna - ar an bhfasach (is é sin, ar an réamhshampla) - seachas ar leabhar na reacht. Na dlínsí ina bhfuil an Dlí Coiteann i bhfeidhm, is tíortha agus críocha iad a bhfuil tionchar láidir ag traidisiún dlí Shasana agus na Breataine Bige orthu. Go tipiciúil, is iar-choilíneachtaí de chuid na Ríochta Aontaithe iad.
Taobh amuigh de thíortha an Bhéarla, is é an Dlí Sibhialta an córas dlí is coitianta.
[athraigh] Tíortha ina bhfuil an Dlí Coiteann i bhfeidhm
- An Ríocht Aontaithe (Sasana, An Bhreatain Bheag agus Tuaisceart Éireann)
- An Astráil
- Ceanada
- Poblacht na hÉireann
- Stáit Aontaithe Mheiriceá
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.