Dlí Charles
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
| Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann. Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Sa teirmidinimic agus cheimic fhisiceach, maíonn Dlí Charles, atá ina ghásdlí, seo a leanas:
- Méadaíonn toirt gáis de mhéid 1/273 dá thoirt ag 0 °C , in aghaidh gach céime a ardaítear an teocht, má bhíonn an brú tairseach; agus mar an gcéanna, crapfaidh sé de mhéid 1/273 dá thoirt ag 0 °C in aghaidh gach céime a íslítear an teocht.
D'fhoilsigh Joseph Louis Gay-Lussac an dlí seo sa bhliain 1802, ach rinne sé tagairt d'obair a bhí déanta ag Jacques Charles timpeall na bliana 1787. Dá bhrí sin tá an Dlí curtha i leith Jacques Charles. Bhí 'Dlí Charles' réamh-mheasta ag Guillaume Amontons sa bhliain 1702. Bíonn Dlí Charles, Dlí Boyle agus Dlí Gay-Lussac curtha le chéile i Comhdhlí na nGás. Tá Dlí an Gháis Idéalaigh comhdhéanta de 'Comhdhlí na nGás' agus Dlí Avogadro.
Díorthú [athraigh]
Seo a leanas an fhoirmle de réir Dlí Charles:
inarb ionann:
- V = toirt an gháis
- T = teasad an gháis
- k = cunbhalas
