Dismhíostrú

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Míchompord nó pian in íochtar an bhoilg, comhcheangailte le míostrú. An-choitianta ach éadrom de ghnáth (ach uaireanta an-phianmhar) agus leanann 12-24 uair i ndiaidh tús an mhíostraithe. I mná óga ní bhíonn aon chúis inbhraite leis, agus réitítear thar am é. I mná níos aosta, is féidir go dtarlóidh sé de bharr galair pheilbhigh athlastaigh, siadaí caoine (fiobróidigh) sa bhroinn, nó fíochán útarach taobh amuigh den bhroinn sa chuas útarach (inmheatróis).